Ranganna Gaeilge do Dhaoine Óga Fásta:
Tá rogha leathan de chúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta timpeall na tíre. Aimsigh rang i do cheantar féin trínár eolaire ranga.
Ag foghlaim na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal:
Tá an-chuid cúrsaí ar fáil don té atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim lasmuigh dá gcéim féin, agus iad i mbun chúrsa ag an tríú leibhéal.
Bíonn teastais agus dioplómaí éagsúla ar fáil ag roinnt de na cúrsaí seo, nó tugann siad deis d’fhoghlaimeoirí ullmhú don scrúdú TEG (Teastas Eorpach Gaeilge). Tá na scrúduithe seo úsáideach dóibh siúd atá ag iarraidh cruinneas sa Ghaeilge a bhaint amach nó atá ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh amach anseo. Tá ocht leibhéal éagsúil ann. Tá cáilíocht aitheanta ag baint leo ar fad, ní amháin timpeall na tíre ach timpeall an domhain.
Seo liosta de na cúrsaí atá á gcur ar fáil ag na hollscoileanna difriúla:
Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach
Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl sa choláiste ar bhonn rialta. Is féidir teagmháil a dhéanamh le caitriona.breathnach@mic.ul.ie (Oifigeach Gaeilge an Choláiste).
Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Coláiste Phádraig, Droim Conrach
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Cuireann Oifig na Gaeilge cúrsaí ar fáil don phobal, do chéimithe, do mhic léinn agus do bhaill foirne uile na hOllscoile.
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Cuireann an Cumann Gaeilge in Ollscoil Chathair Átha Cliath ranganna ar fáil i rith na bliana. Téigh i dteagmháil le cumanngaelachdcu@gmail.com.
Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Cuireann Ionad na dTeangacha san Ollscoil dhá shruth de ranganna teanga ar fáil.
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Ollscoil Mhá Nuad



