Is deis iontach iad na coláistí samhraidh do dhaoine óga an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith leis an gcultúr sna ceantair Ghaeltachta a fheiceáil dóibh féin. Is iondúil go mbíonn an-chuid imeachtaí, spóirt, ealaíon, ceol agus turais i gceist leis na cúrsaí seo chomh maith le ranganna Gaeilge.
Tá gach coláiste éagsúil agus tá ceann ann a d’oirfeadh do chuile ghasúr, is cuma más spéis leo an ceol nó an tonnmharcaíocht nó bheith ag imirt peile. Is taithí iontach iad na cúrsaí Gaeltachta, a thugann spreagadh do dhaoine óga an Ghaeilge agus is cinnte go dtiocfaidh siad ar chairdeas agus cuimhní a bheidh acu go brách chomh maith.
Bíonn deiseanna fostaíochta ann chomh maith dóibh siúd atá spéis acu bheith ina gcinnirí, cúntóirí nó múinteoirí agus iad beagán níos sine.
Aimsigh Coláiste...
Cúige Laighin
Coláiste na bhFiann (lonnaithe i gColáiste Cónaithe), Droim Rí, Co na Mí. Eolas 01 8259342 | R.phost eolas@cnb.ie www.colaistenabhfiann.ie
Cúige Chonnacht
Cúige Mumhan
Cúige Uladh



