Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Is bealach iontach simplí é d’ainm a úsáid as Gaeilge le léiriú do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge agat agus go bhfuil tú sásta í a labhairt.

Tá dhá bhealach shimplí in úsáid ag daoine le haitheantas a thabhairt don leagan Gaeilge dá n-ainm seachas an leagan Béarla:

1. Tríd úsáid leanúnach a bhaint as an leagan Gaeilge.

Ní mór duit ach an nós a thosú an leagan Gaeilge d’ainm a úsáid go rialta, go hoifigiúil agus go neamhoifigiúil. Is féidir é a dhéanamh de réir a chéile, ar dtús báire le do chlann, le do chairde, ag clárú le club, scoil, coláiste nó ollscoil, ag oscailt cuntas bainc, ar do cheadúnas tiomána, ar dhuillíní pá ó d’fhostóir, leis na Coimisinéirí Ioncaim srl.

2. Tríd d’ainm a athrú trí ghníomhas aonphairtí.

Is é atá i ngníomhas aonpháirtí le haghaidh athrú ainm ná go bhfuil tú ag tréigean úsáid d’iar-ainm, go n-úsáidfidh tú d’ainm nua i gcónaí agus go n-éilíonn tú ar gach duine d’ainm nua a úsáid. Is bealach é seo le d’ainm as Gaeilge a úsáid ar bhonn níos foirmiúla agus beidh fianaise dhoiciméadach agat ansin go bhfuil d’ainm athraithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.citizensinformation.ie.

Mura bhfuil tú cinnte cén leagan Gaeilge atá ag d’ainm, is féidir cuardach a dhéanamh ar http://www.irishidentity.com/names.htm