Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..
5 rud simplí gur féidir a dhéanamh le Gaeilge a thabhairt isteach i do theach ANOIS!

1.  Úsáid frásaí simplí Gaelacha i rith an lae. Oíche Mhaith seachas goodnight, Go Raibh Maith Agat seachas thank you, Maith an BhuachaillMaith an Cailín seachas good boy or girl, Slán seachas goodbye, srl.

2.  Léigh leabhar Gaeilge ag am codlata. Tá neart leabhair áille ann agus ní fhágfar ag lorg frasaí thú!


3.  Éist le raidió Gaelach cosúil le Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life nó Raidió Rí Rá agus breathnaigh ar TG4. Cabhróidh sé seo le sealbhú teanga agus foghraíocht.


4.  Cruthaigh lipéid simplí le crochadh timpeall an tí. Doras, Bosca Bruscar, Fuinneog, Staighre, Ríomhaire, Tolg, Cathaoir, Bord, srl – níl deireadh leis an liosta! Bain úsáid as www.focal.ie le teacht ar aistriúcháin.


5.  Déan machnamh faoi ghnás amháin i do lá a roghnú  (folcadh, bricfeásta, dinnéar, turais charr – pé atá is lú strus ag baint leis!), na frasaí nó foclóir a bhaineann leis a fhoghlaim agus ‘am Gaeilge’ a bheith agat gach lá.

                                    

Curtha le chéile ag Comhluadar.  Eagraíonn Glór na nGael raon leathan imeachta do theaghlaigh le Gaeilge.