Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Reáchtáil Conradh na Gaeilge an chéad turas treoraithe den cheannáras stairiúil i mBaile Átha Cliath mar chuid d'imeachtaí chomóradh Éirí Amach na Cásca.

Bhíodh an foirgneamh ina theach agus ina halla ollscoile ag an gCairdinéal John Newman tráth gur bhunaigh sé an chéad Ollscoil Chaitliceach in Éirinn; ina bhanc ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse agus ina Aireacht Airgeadais faoi Mhicheál Ó Coileáin.

Tá sé anois ag feidhmiú mar Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Cuan Ó Seireadáin, Comhordaitheoir 2016 le Conradh na Gaeilge: "Bhí an Ghaeilge fite fuaite le smaointeoireacht nuálaíoch na gConraitheoirí agus lárnach i bhfís cheannairí an Éirí Amach i 1916, fad agus atá stair an stáit fite fuaite go dlúth leis an áras ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair, lárionad Gaeilge atá ag croílár na Gaeltachta uirbí i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniú ann.

Spleodrach

"Tá Conradh na Gaeilge an-sásta an deis a fháil an stair spleodrach, spéisiúil sin a chur ar shúile an phobail."
Bhí léargas ar an meon agus ar ábhar spéise lucht na hathbheochana clutúrtha um 1916 le feiceáil i bhfuinneoga na príomhchathrach ar Luan Cásca 2016 leis, óir bhí Comóradh 1916 sna siopaí á reahtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le gnólachtaí a ghlac fógraí in An Claidheamh Soluis idir 1899 agus 1932 agus atá fós ar an bhfód sa lá atá inniú ann.

Léirigh Gaelcholáiste an Phiarsaigh ó Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, An Filleadh ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach sa phríomhchathair ar Luan Cásca mar cheann de bhuaicphointí Fhéile na Físe arna heagrú ag Conradh na Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2016 freisin.

Is é An Filleadh an t-aon dráma as Gaeilge atá beartaithe ag Amharclann na Mainistreach a léiriú in 2016 go dtí seo.

Read 242 times
Rate this item
(0 votes)