Tionól na nDéise mar chuid de Thionól Niocláis Tóibín
Tionól na nDéise mar chuid de Thionól Niocláis Tóibín
@ Halla Pobail na Rinne
Léacht nó CaintSé an t-iriseoir agus ceoltóir, Mac Dara Mac Donncha a thabharfaidh léacht Thionól na nDéise de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge mar chuid de chlár imeachtaí Thionól Niocláis Tóibín, a bheidh ar siúl sa Rinn ón 25-27 Márta i mbliana. Labhróidh Mac Dara faoin teideal “Amhránaíocht ar an Sean Nós agus Ceol Traidisiúnta” in Halla Pobail na Rinne, Rinn Ó gCuanach ar an Satharn seo chugainn, 26 Márta ag a 2.30i.n. agus beidh fáilte roimh chách freastal ar an gcaint saor in aisce seo.
Cé gur rugadh Mac Dara Mac Donncha in oirthear na Gaillimhe, sí an Ghaeilge a theanga dúchais, a athair as Carna ó dhúchas agus a mháthair as Gort an Iomaire. Amhránaí sean nóis ab ea a athair agus thagadh ceoltóirí agus amhránaithe mór le rá ar cuairt go dtí an teach ariamh, a leitheidí Séamus Ennis, Seosamh Ó hÉanaí agus Joe Burke. Nuair a thosnaigh athbheochan na hiomána i gCo. na Gaillimhe i lár na 1970adaí, bhí a cholceathrar, Joe Mac Donncha ar an bhfoireann, rud a mhúscail a chuid suime san iomáint. Tá Mac Dara sáite sa dá chaitheamh aimsire ó shin - an ceol tradisiúnta agus na cluichí Gaelacha agus níor mhaith leis go gcaithfeadh sé ceann acu a roghnú! Tar éis dó seal a chaitheamh ag múinteoireacht, d'oibrigh sé le léiritheoirí teilifíse Nemeton TV ar feadh scór bliain agus anois oibríonn sé mar shaoririseoir, ag craoladh chláracha spóirt agus ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, chomh maith le bheith mar thráchtaire spóirt ar TG4. Chomh maith leis sin, tá sé ag múineadh arís i gColáiste na Rinne, ag teagasc dhaoine fásta, ar líne agus sa Choláiste féin.
Sraith de chainteanna is ea Tionól na nDéise, a eagraíonn Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge gach bliain. Tá Tionól na nDéise na Rinne á n-eagrú i gcomhar le lucht eagraithe Thionól Niocláis Tóibín agus tá sé mar chuid de chlár iomlán imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus scléipe a bheidh ar siúl sa Rinn thar an deireadh seachtaine ar fad. Tuilleadh eolais: https://www.facebook.com/tionol.nioclas/
Mar sin, beidh fáilte roimh gach aoinne chuig Halla Pobail na Rinne ar an Satharn, 26 Márta ar a 2.30i.n. don ócáid saor in aisce seo, ag a ndéanfar cheiliúradh ar ár dteanga, ár n-oidhreacht agus ár stair dhúchasach.