Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá clár do Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2016 socruithe; lóistín, béilí agus siamsaíocht san áireamh.

Tá pacáiste amháin, ar phraghas €240, a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta, Déardaoin - Domhnach (30ú Meithimh - 3ú Iúil), seimineár na hoíche Aoine, béilí tráthnóna Aoine agus Sathairn, turais, siúlóidí, ceolchoirm agus roinnt siamsaíochta eile.

Ar phraghas níos ísle, tá pacáiste 2, le costais €190 air, a chuireann lóistín Aoine - Domhnach ar fáil duit, chomh maith le béilí tráthnóna Aoine agus Sathairn, seimineár na hoíche Aoine, siúlóidí, ceol agus siamsaíochta eile.

Beidh an Tionól ar siúl i Ros Muc, contae na Gaillimhe, i mbliana, ó 30 Meithimh go dtí 3 Iúil, agus tá dea-chuma ar an gclár-ama go dtí seo.

Tá gach eolas faoin Tionól ar fáil anseo.

Is féidir teacht ar fhoirm chláraithe, iniata thíos. Ní gá ach é a íoslódáil.

Read 2208 times
Rate this item
(0 votes)
Download attachments: