Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..


Tabharfar léargas faoi leith ar an bPiarsach, ar Ros Muc, agus ar Chogadh na Saoirse ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2016, saoire bhliantúil a bheidh ar siúl i Ros Muc agus Iorrais Aithneach na Gaillimhe ó 30 Meitheamh - 3 Iúil 2016 i mbliana. Tá pacáiste speisialta curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin go dtí an Domhnach le béilí tráthnóna, seimineár, ceolchoirm agus imeachtaí sóisialta san áireamh ar €240, nó ón Aoine go dtí an Domhnach ar €190. Is féidir clárú do Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge tríd An Siopa Leabhar ar www.cnag.ie/siopa.

Cuirfear tús leis an Tionól Gaeltachta le fáiltiú in Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh nuair a sheolfaidh Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, leabhar de chuid Chló Iar-Chonnacht – An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart & Oidhreacht curtha in eagar ag Gearóid Ó Tuathaigh – ar 8.00in tráthnóna Déardaoin (30 Meitheamh 2016). Tabharfar cuairt ar na hionaid éagsúla sa pharóiste a raibh baint acu le Pádraig Mac Piarais sa turas staire An Piarsach, Ros Muc agus Cogadh na Saoirse ar an Aoine (1 Iúil 2016) freisin.

Beidh ról, tábhacht, agus tionchar na Gaeltachta idir chaibidil ag seimineár oscailte Plé 16: An Ghaeltacht agus Athbheochan na Gaeilge ag Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh ar 8.00in oíche Aoine, ócáid atá ina cuid de shraith de chainteanna arna eagrú ag Conradh na Gaeilge mar chomóradh ar an ról lárnach a bhí ag gluaiseacht na Gaeilge san Athbheochan Chultúrtha agus san Éirí Amach ag tús an chéid seo caite.

Is é Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a bheidh mar chathaoirleach ar Sheimineár an Tionóil agus áireofar Dáithí Mac Cárthaigh, abhcóide agus iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge; Seosamh Ó Cuaig, iarbhall de Chearta Sibhialta na Gaeltachta; Edel Ní Churraoin, láithreoir le Raidió Fáilte i mBéal Feirste; agus Caitríona Ó Torna, údar Cruthú na Gaeltachta 1893-1922, i measc na gcainteoirí ar an ardán.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá scoth na gcainteoirí le labhairt ag seimineár Thionól Chonradh na Gaeilge don ócáid seo. Beidh fáilte roimh bhaill an phobail agus roimh lucht freastail an Tionóil araon cluas éisteachta a thabhairt don phainéal agus páirt a ghlacadh sa phlé ar chúrsaí Gaeltachta mar a bhí anall, mar atá anois, agus na féidearthachtaí sa todhchaí.”

Beidh imeachtaí an Tionóil dírithe ar cheantar Chill Chiaráin agus Iorras Aithneach Dé Sathairn (2 Iúil 2016), áit a mbeidh Féile Chill Chiaráin faoi lánseol.

Arsa Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní bheidh aon ghanntanas ceoil ná easpa chomhluadair ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i mbliana, agus tabharfar aird go háirithe ar shaibhreas cultúrtha an cheantair sa cheolchoirm agus san oíche airneáin a reáchtálfar i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Áras na hOllscoile ar Roisín na Mainiach i gCarna oíche Shathairn, áit a mbeidh ceol, rince agus amhráin ó thrí ghlúin d'ealaíontóirí na háite ar an stáitse.”

Tá spás teoranta mar sin ní mór áit a chur in áirithint ar Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2016 tríd An Siopa Leabhar agwww.cnag.ie/siopa, trí ríomhphost a sheoladh chuig Alma Ní Bhroin ag alma@cnag.ie, nó trí ghlaoch ar Ard-Oifig an Chonartha ar 00 353 (0)1 4757401 faoin Luan, 20 Meitheamh 2016.

Read 1328 times
Rate this item
(0 votes)