Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá lá feachtasaíochta / ardú feasachta ar-líne ag titim amach an Déardaoin beag seo (21ú Aibreán). Tá an feachtas seo dírithe ar mhionteangacha na hEorpa agus 'sé ar Twitter don chuid is mó a bheidh an feachtasaíocht ag dul ar aghaidh. Thosaigh an ócáid bhliantúil seo le Frisian (Béarla ar Frysk - mionteanga a labhríonn siad san Ísiltír) agus anois tá Gaeilge na hAlban á cheiliúradh chomh maith.

'Séard atá i gceist acu ná #TIML2016 (This Is My Language 2016) a úsáid mar haischlib don lá, mar aon le haischlib a chuireann an teanga faoi leith in iúl (#Gaeilge i gcás na Gaeilge)

Cuidigí leo agus déanaigí bhur ndícheall ar son na #Gaeilge ar 21 Aibreán!

Read 825 times
Rate this item
(0 votes)