Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Chuir Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, tús le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016 le hóráid ag spreagadh dóchais i measc lucht labhartha na Gaeilge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, dé hAoine, 26 Feabhra 2016, ag rá:

 “Maidir leis na staitisticí a luaigh mé, ba cheart túr dóchais a bheith ionainn do phobal na Gaeilge sa mhéid is go bhfuilimid ag dul sa treo ceart. Cé go raibh bunlaigí ag baint leis na cineálacha cur chuige a ghlac na rialtais a bhí againn maidir leis an teanga ó bunaíodh an Stát i leith, is léir go bhfuil cumas an daonra sa Ghaeilge agus an dea-thoil atá acu i leith na Gaeilge ina mbunús láidir dúinn úsáid na teanga a neartú agus a leathnú amach anseo. Tá an athbheochan ar bun agus tá ag éirí léi, agus beidh sí ar bun go mbainfimid an sprioc amach.”

Ba é Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a d’fháiltigh roimh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ar oíche Aoine na hArd-Fheise (26 Feabhra 2016), agus athcheapadh é ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ar feadh bliana eile gan iomaíocht le linn na hArd-Fheise ar an Satharn (27ú) 

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán athcheaptha Chonradh na Gaeilge 2016 – 2017: 

“Mheabhraigh óráid Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016 gur cheart do phobal na teanga misneach a ghlacadh as an obair atá idir lámha chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ní hé sin le rá nach ann do dheacrachtaí agus an státchóras ag séanadh freagracht mar is ceart a ghlacadh as athbheochan na Gaeilge – feictear domsa gurb é caomhnú na teanga seachas athbheochan na teanga atá mar pholasaí ag an stát anois. Céad bliain tar éis don Phiarsach an fód a sheasamh in Ard-Oifig an Phoist, an mbeadh muinín ag duine ar bith as triail a bhaint as stampa a cheannach trí Ghaeilge ann?"

Thréaslaigh Uachtarán na hÉireann le Conradh na Gaeilge“ a sheas an fód go láidir ón am ar bunaíodh é go dtí an lá inniu” agus ghuigh sé gach rath ar an obair atá ar bun ag an eagras sular sheol sé Seachtain na Gaeilge 2016 go hoifigiúil, féile idirnáisiúnta a spreagann 750,000 duine chun leas a bhaint as an nGaeilge agus a bheidh á reáchtáil ar fud na cruinne arís i mbliana ó 1 – 17 Márta 2016.

Rinneadh tréaslú leis na grúpaí atá ag feidhmiú i measc an phobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn ag Dinnéar na hArd-Fheise i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar an Satharn. Chomh maith leis seo, bronnadh Gradaim Chonradh na Gaeilge ar chraobhacha agus ar bhaill aonair na heagraíochta mar aitheantas dá gcuid oibre ar son na teanga mar chuid den Ard-Fheis don chéad uair riamh agus bhí dráma le scoláirí Choláiste na Tríonóide le linn an bhéile.

 

Read 1414 times
Rate this item
(0 votes)