Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Seolann an tAire Cumarsáide Aip Nua Raidió Rí-Rá, An Chéad & An tAon Chairtstáisiún Gaeilge in Éirinn

Filleann Aire Naughten ar a chontae dúchais leis an aip raidió Ghaeilge a sheoladh i gColáiste Chiaráin Summerhill

Seolfaidh an tAire Denis Naughten TD an aip is déanaí de chuid Raidió Rí-Rá, cairtstáisiún náisiúnta lánGhaeilge na hÉireann do dhaoine óga, i gColáiste Chiaráin Summerhill, Baile Átha Luain, Co. Ros Comáin, ag 1.50in inniu, Dé hAoine, 15 Meán Fómhair 2017. Tá fáil ar aip Raidió Rí-Rá saor in aisce le híoschóipeáil ar Android agus ar iOS ón lá inniu ar aghaidh.

Ag labhairt ag seoladh na haipe ina chontae dúchais, dúirt an tAire Cumarsáide, Gníomhaíochta Aeráide & Comhshaoil, Denis Naughten TD:

“Tá ríméad orm an aip nua seo a sheoladh thar cheann Raidió Rí-Rá, an chéad agus go deimhin an t-aon chairtstáisiún Gaeilge in Éirinn, óir éascaíonn sé an teacht atá ag daoine ar an ógstáisiún náisiúnta seo ar réimse ardán atá de shíor ag fás.

“Tá ról lárnach ag Raidió Rí-Rá ag iarraidh deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le héirí gafa leis an nGaeilge lasmuigh den seomra ranga, ag léiriú bhrí agus bheocht na teanga mar aon lena tábhacht sa saol nua-aimseartha. Ní hamháin go bhfaigheann cainteoirí óga Gaeilge an deis a gclár féin a chur i láthair ar Raidió Rí-Rá, ach áirítear amhráin as Gaeilge ó réaltaí Éireann agus idirnáisiúnta araon ar sheinnliostaí an stáisiúin, leithéidí Ed Sheeran agus Kodaline ina measc.

“Is céim chun tosaigh é aip nua an ógstáisiúin, a raibh dúil mhór léi agus a chuirfidh ar chumas an stáisiúin lucht éisteachta i bhfad Éireann níos leithne a shroicheadh. Táim ag tnúth le fás, forbairt agus dul chun cinn Raidió Rí-Rá a fheiceáil amach anseo.”

Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh 24/7 ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne ar-líne ag www.rrr.ie faoi láthair, agus is féidir teacht ar an stáisiún leis an aip is déanaí ar Android agus ar iOS anois freisin. Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh ar an gcóras digiteach DAB in áiteanna áirithe chomh maith, agus tá súil ag an stáisiún lucht éisteachta fiú níos leithne a aimsiú amach anseo.

 

Dúirt Niamh Ní Chróinín, Bainisteoir Raidió Rí-Rá:

“Cuireann Raidió Rí-Rá seirbhís iontach ar fáil dóibh siúd ar mian leo tuilleadh dá gcuid Gaeilge a úsáid, go háirithe daoine óga. Tá súil againn an stáisiún a chur i mbun craolacháin ar FM ar fud na tíre amach anseo, ach idir an dá linn, táimid an-sásta go mbeidh teacht ag tuilleadh daoine ar Raidió Rí-Rá tríd an aip nua.

“Bíonn an meascán is fearr den tsiamsaíocht agus den cheol is úire ó na cairteacha ag Raidió Rí-Rá, le gach rud á chur i láthair trí mheán na Gaeilge ag ár bhfoireann iontach de láithreoirí óga.”

Is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoschóipeáil saor in aisce ón Apple iStore agus ón nGoogle Playstore, nó is féidir éisteacht ar-líne ag www.rrr.ie tríd an mbliain.

Read 32 times
Rate this item
(0 votes)