Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Seoladh leabhar nua Dheagláin de Bréadún 'Cinnlínte' i siopa leabhair Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath aréir. 

Déanann 'Cinnlínte' cur síos ar bhuaicphointí shaol iriseoireachta de Bréadún agus é i mbun saothair in Éirinn agus thar lear chomh maith agus é ag obair le The Irish Times agus le The Irish Sun.

Dúirt de Bréadún go raibh súil aige go mbeidh an leabhar “ina ábhar spéise do dhaoine a bhfuil suim acu i stair ár linne”.

Tá Charles Haughey, Albert Reynolds, Brian Cowen agus Yasser Arafat i measc na ndaoine a rinne de Bréadún agallamh orthu agus tá cur síos déanta aige sa leabhar nua seo faoi na hagallaimh sin. 

Bíonn cur síos déanta aige sa leabhar chomh maith faoin tréimhse a chaith sé i measc na gCurdach agus iad ag éalú ón Iaráic sna nóchaidí.

Bhí Brian Cowen ar an suíomh don sheoladh aréir, agus is eisean a sheol an leabhar go hoifigiúil.

Labhraíonn de Bréadún go hoscailte faoi dhúshláin agus faoi éachtaí an iriseora, agus is cinnte gur féidir le hiriseoirí óga agus mic léinn cumarsáide cuid mhaith a fhoglaim uaidh faoi ghnéithe den cheird, dhiongbháilteacht agus faoi ghairmiúlacht an iriseora, agus go deimhin faoi thír na hÉireann agus faoi imeachtaí an domhain mhóir sa tréimhse sin ó na 1970idí i leith a mhúnlaigh saol agus sochaí an lae inniu.

 

Is féidir leat leabhar Dhéagláin de Bréadún 'Cinnlínte' a cheannach ón nasc thíos:

http://www.coislife.ie/leabhar/170/cinnlinte

 

Pictiúir de Dheaglán de Bréadán agus Brian Cowen ag an seoladh aréir

 

Read 926 times
Rate this item
(0 votes)