Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá seisiún traenalá saor in aisce trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil ag Feachtas do dhaoine atá mar chinnirí ar chlubanna óige nó a bhfuil sé i gceist acu bheith mar chinnirí amach anseo.

 In Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath a bheidh sé, ag tosnú tráthnóna Dé hAoine 15 Aibreán ag 18.30 – 21.15 agus ar an Satharn 16 ó 10.00 - 16.30.

 Tá an cúrsa seo aitheanta ag Comhairle Náisiúnta na nÓg, agus bronnfar teastas ar an lucht fhreastail.  I measc na rudaí a bheidh ar an gclár, tá cosaint leanaí ar an Aoine, agus an cur chuige is fearr pleanála do na clubanna óige ar an Satharn.

Tá fáilte roimh aon duine a mbeadh spéis acu ann. Is féidir clárú le Loretta Ní Churraighín ag loretta@feachtas.ie nó fón (01) 6725940/0879046136 roimh Céadaoin 13 Aibreán 17.00in

Read 394 times
Rate this item
(0 votes)