Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Bhailigh slua mór le chéile le déanaí don seoladh oifigiúil ar Sheachtain na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Bhí Síomha Ní Ruairc ó Chonradh na Gaeilge ina haoi speisialta ar an lá. Labhair sí faoi na cuimhní atá aici ar na laethanta a chaith sí mar mhac léinn in Ollscoil Mhá Nuad agus faoin obair atá ar siúl aici anois le Conradh na Gaeilge agus le Seachtain na Gaeilge.

Seoladh clár imeachtaí na Seachtaine ag an ócáid – ‘Pop- up Gaeltacht’ in Aontas na Mac Léinn, ceolchoirm thraidisiúnta, tráth na gceist boird, comórtas talainne ‘An Gael Is Fearr’, ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós agus cluichí boird trí Ghaeilge sa Leabharlann san áireamh.  

Chuir mic léinn na hOllscoile siamsaíocht den scoth ar fáil ag an ócáid - damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós chomh maith le filíocht, ceol córúil agus popcheol trí Ghaeilge.

Seo a leanas roinnt de na pictiúir ón ócáid: 

Síomha Ní Ruairc, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta

Orla Bradshaw, Síomha Ní Ruairc, Maria Schäler, Alswyn Hennessy-Doyle, Kevin Boushel

Orla Bradshaw

Mic leinn ag baint sult as Seachtain na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.

Liam Óg Ó hÓistín ag canadh ag an seoladh.

Cuallacht Mhá Nuad

Taispeántas rince ar siúl ag an seoladh.

 

Read 314 times
Rate this item
(0 votes)