Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá ocht fóraim ghnímh níos mó á dtionól ag Conradh na Gaeilge thuaidh agus theas le gníomhartha a aontú chun éilimh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn sna holltoghcháin a bheidh á reáchtáil i 2016. Bhí roinnt mhaith fóraim eagraithe cheana féin, agus tá tacaíocht oifigiúil faighte dóibh ó Fhianna Fáil agus ó Shinn Féin, ach tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar pháirtithe eile ar fad tacú leis na héilimh roimh na holltoghcháin. 

Scaipfidh Conradh na Gaeilge eolas i measc an phobail i ngach dáilcheantar agus i ngach toghcheantar faoi na hiarrthóirí agus faoi na páirtithe polaitiúla ar fad atá ag tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta roimh na holltoghcháin ansin, sna sála ar na fóraim ghnímh.

Seo iad na fóraim nua-fhógartha:

Dún na nGall Theas, Óstán Jacksons i mBealach Féich, ar 7.30in, 2 Feabhra

An Lú, Áras Conradh na Gaeilge, Dún Dealgan, ar 7.30in, 4 Feabhra

Gaillimh, Áras na nGael, Sráid Doimininc, ar 6.00in, 4 Feabhra

Liatroim, Teach Conways, Droim Seanbhó, 7.00in, 5 Feabhra

Óstán Loch Garman Arms, Loch Garman, ag meánlae Dé Sathairn, 6 Feabhra

Corcaigh, Seomra Caidrimh Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ag meánlae, 9 Feabhra

Músaem Chontae Cheatharlach, ar 10.30rn maidin Chéadaoin, 10 Feabhra

Muineachán, Óstán Four Seasons, ar 8in, 10 Feabhra

Seo nasc don phóstaer gur féidir íoslódáil

Thionól Conradh na Gaeilge fóraim ghnímh i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara, in Inis, i Luimneach, i Longfort, i gCill Chainnigh, san Iarmhí agus i Ros Comáin cheana féin, agus eagrófar tuilleadh i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar na bacáin. Más spéis le grúpa pobail áitiúil cabhrú leis an gConradh chun fóram gnímh a eagrú ina gceantar féin, is féidir teagmháil a dhéanamh le hArd-Oifig an Chonartha ag cearta@cnag.ie nó +353 (0)1 4757401

De réir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Ní neart go cur le chéile agus tabharfaidh polaiteoirí cluas éisteachta don phobal áitiúil má cheistítear gach iarrthóir a thagann chun dorais faoina bhfuil siad sásta tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nó nach bhfuil.”

Tá tuilleadh eolais faoi na bearta ionadaíochta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus faoi éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile ar fáil ó cearta@cnag.ie nó leis an haischlib #GaelVóta ar Twitter.

Read 374 times
Rate this item
(0 votes)