Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Mar chuid de chomóradh 1916 tá Scoil Samhraidh á  reáchtáil i mBoston ag Glór na nGael ón 17 – 19ú Meitheamh 2016.  Is deis é seo lucht na Gaeilge agus lucht foghlamtha na Gaeilge ar fud Mheiriceá Thuaidh a thabhairt le chéile agus cur is cúiteamh a dhéanamh ar thionchar 1916 ar an teanga agus ar an gcultúr. 

Tá clár leathan imeachtaí beartaithe don deireadh seachtaine le Fáiltiú Oifigiúil  in Ard–Chonsalacht na hÉireann ar an Aoine 17 Meitheamh ag 7p.m. Leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh ar an Satharn san Seaport Hotel & World Trade Centre áit ina ndéanfar plé ar – An Yank agus an Ghaeilge, An tÉireannach i Meiriceá, Éirí Amach na Cásca 7 rl.  Beidh cúrsaí amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós á bplé agus á gceiliúradh chomh maith.

 Thug Pat Carey, Cathaoireach Bhord Stiúrtha Ghlór na nGael le fios;

Gur mór an onóir do Ghlór na nGael a bheith páirteach le pobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh le blianta beaga anuas agus go bhfuil súil aige gur i dtreise a bheidh an nasc atá cruthaithe leis na grúpaí éagsúla i ndiaidh an teacht le chéile seo”

Seo an ceathrú teacht le chéile atá eagraithe ag Glór na nGael le grúpaí Éireannacha thar lear, ó 2007, mar chuid dá chlár oibre idirnáisiúnta – Global Gaeilge - atá  á eagrú i gcomhpháirt leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

 

Cuirfear córas ateangaireacht chomhuaineach ar fáil ar an lá.

 Is féidir le daoine clárú don Scoil Samhraidh trí r-phost a sheoladh chuig nora@glornangael.ie

Read 320 times
Rate this item
(0 votes)