Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Beidh craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2016 ar siúl  in amharclann Clasac, Cluain Tarbh ar an Déardaoin, 4 Feabhra 2016. 

Beidh suas le 300 aisteoirí, ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe, ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó Dhún na nGall go dtí Daingean Uí Chúise, mar aon lena gcuid múinteoirí agus tuismitheoirí, i láthair.  Tá clár na hócáide faoi iamh, agus beidh Gael Linn ag cur tús leis na comórtais ag 11.00a.m., ag súil go mbeadh críoch le cúrsaí c. 5.30p.m.  

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraoiúil atá  dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.  Cuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe:  Tuillead Eolais anseo. 

   

Cathal O'Currain a bhuaigh duais Scléip '15                                               "An Lotto" le scoláirí Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin

Bhí ceithre réamhbhabhta réigiúnacha ar siúl ag i rith mhí na Samhna/mí na Nollag –i nDoire, i nGaillimh,  i mBaile Átha Cliath agus  i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, ag a roghnaíodh na hiomaitheoirí don chraobhchomórtas.  I measc na moltóirí a bheidh ann ar an lá, beidh an léiritheoir drámaí, Síle Ní Dhuibhne, an damhsóir, Sibéal Davitt, agus na ceoltóirí agus cumadóirí, Méabh Ní Thuathaláin, Cian Mac Cárthaigh agus Enda Reilly. Bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí  i ngach rannóg agus Gradam Scléip ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheasann amach as na buaiteoirí uilig sna comórtais ceoil/amhránaíochta.  

An-lá a bheas ann!

 

Read 1613 times
Rate this item
(0 votes)