Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Ciste €100,000 curtha ar fáil chun tacú le comhlachtaí réiteach don Bhreatimeacht

 

Thug Bord Údarás na Gaeltachta a mbeannacht le gairid do scéim comhairleoireachta agus tacaíochta nua ‘Bí Réidh’ de chuid an Údaráis chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta a spreagadh chun réiteach don Bhreatimeacht agus plean gníomhaíochta ina leith a fhorbairt. Tá ciste de €100,000 curtha ar fáil don scéim seo agus a bheidh bunaithe air:

  • Féinmheasúnú ar a n-oscailteacht don Bhreatimeacht
  • Scéim deontais comhairleoireachta, faoi riail De Minimis, d’uasmhéid €5,000 an ceann do 20 comhlacht.

Spreagfar comhlachtaí le measúnú a dhéanamh ar cé chomh hullmhaithe agus atá an comhlacht don Bhreatimeacht faoina réimsí Straitéis Ghnó, Oibríochtaí, Nuálaíocht, Díolachán & Margaíocht, Airgeadas agus Bainistiú Daoine. Tá Údarás na Gaeltachta ag oibriú as láimh a chéile le Fiontraíocht Éireann ar an scéim seo mar chuid den chur chuige comhordaithe idir ghníomhaireachtaí stáit éagsúla i leith na Breatimeachta agus gnóthaí idirnáisiúnta i 2017.

Beidh an deontas bunaithe ar bhonn 50% den chaiteachas nó uasmhéid de €5,000, ar fáil do chomhlachtaí atá i mbun easpórtála cheana féin agus go bhfuil níos mó ná 20% de dhíolachán an chomhlachta á dhéanamh chuig an Ríocht Aontaithe. Tá Fochoiste Breatimeachta bunaithe laistigh d’Údarás na Gaeltacht le tabhairt faoi fheidhmiú na scéime seo agus ábhar na Breatimeachta go ginearálta.

Aithnítear go bhfuil fíor thábhacht le réiteach agus pleanáil luath chun go mbeidh ar chumas comhlachta na dúshláin ghnó a thagann ó Bhreatimeacht a shárú. Tá Údarás na Gaeltachta i mbun eagraithe ar shraith seimineáir réigiúnacha maidir le Breatimeacht sna Gaeltachtaí faoi láthair a fhógrófar go luath chun aird a dhíriú ar Bhreatimeacht agus na deiseanna agus na dúshláin a chruthaíonn sé agus na tacaíochtaí atá ar fáil ón Údarás.

Déanfar glaoch oscailte ar an scéim ‘Bí Réidh’ a sheoladh nuair atá na seimineáir réigiúnacha curtha i gcrích agus beidh breis eolais agus foirmeacha iarratais don scéim ar fáil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, “Is deacair tionchar na Breatimeachta a mheas fós go háirithe agus an scéal ag athrú ó lá go lá nó fiú de réir na huaire mar atá feicthe againn an tseachtain seo. É sin ráite níl dabht ach go mbeidh tionchar aige ar chuid dár gcliantchomhlachtaí agus tá sé ríthábhachtach go mbeadh siad ag réiteach faoina chóir agus an chomhairle agus an saineolas cuí a bheith á bhfáil acu. Tá sé suntasach go bhfuil beagnach aon cheathrú (24.5%) d’easportáil chliantchomhlachtaí an Údaráis, ar luach €154milliún, ag dul chuig an Ríocht Aontaithe.

Táimid buíoch don Bhord as ucht an tacaíocht seo a cheadú do chomhlachtaí na Gaeltachta agus don chomhoibriú breá atá againn leis na gníomhaireachtaí stáit eile, Fiontraíocht Éireann sa gcás seo.”

Ó fhigiúirí taighde ABSEI a rinneadh in 2016 léiríodh go raibh díolachán iomlán €926 milliún ag cliantchomhlachtaí an Údaráis an bhliain roimhe. Tháinig fás 10.6% ar easpórtáil go €628 milliún, sin cóimheas 68% idir easpórtáil agus díolachán. Tá beagnach 25% de dhíolacháin easpórtála ár gcliantchomhlachtaí ar luach €154 milliún á dhéanamh sa Ríocht Aontaithe agus tá beagnach 60% (€224m) de bhunábhar na gcliantchomhlachtaí á iompórtáil.

De ghnáth, is é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim easpórtála d’aon chomhlacht a bheidh ag dul i mbun easpórtála don chéad uair. Tá na cliantchomhlachtaí a dhéanann easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe ag brath go mór ar an margadh sin agus cruthóidh aon neamhchinnteacht deacrachtaí do chúrsaí trádála. Tá €115 milliún de dhíolacháin easpórtála na gcliantchomhlachtaí chuig an Ríocht Aontaithe ag teacht ón réigiún BMW (Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall) agus €39 milliún ag teacht ó réigiún an Deiscirt agus an Oirthir (Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, An Mhí). 

Tá sé níos tábhachtaí ná riamh infheistíocht straitéiseach agus chuí a bheith á dhéanamh in infreastruchtúr Gaeltachta chomh maith le hinfreastruchtúr an Údaráis chun gur féidir an leas is mó don Ghaeltacht a bhaint as deiseanna gnó féideartha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar na hathruithe geopholaitiúil, go háirithe iad siúd a bhaineann le hInfheistíocht Dhíreach Sheachtrach.

 

 

 

Read 507 times
Rate this item
(0 votes)