Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Lár Sráide
6 Eanáir

Peadar Mac Fhlannchadha

Ravelóid - féile cheoil úrnua

Tá Delorentos, Seo Linn, The Riptide Movement, Kíla, Mundy, Hothouse Flowers, Altan, Bréag TG Lurgan agus Na Firéin i measc na mbannaí ceoil a bheidh ag seinm ag an bhféile cheoil nua Ravelóid.

Is féile cheoil agus chultúir cheannródaíoch í Ravelóid a bheidh ar siúl i gCaisleán Ard Giolláin i dtuairsceart Bhaile Átha Cliath ón 10 - 11 Meitheamh 2016, mar cheann de phríomhimeachtaí na Gaeilge de chuid Chlár Comórtha Éire 2016. Beidh Ravelóid ar an gcéad mhórfhéile shamhraidh chun an Ghaeilge agus an cultú Gaeltach a chur i lár an aonaigh le meascán spreagúil, spraíúil de nuacheol agus ceol traidisiúnta, greann, damhsa, litríocht, cainteanna agus ceardlanna. Deir Eoghan McDermott, láithreoir le RTÉ 2fm atá ag tacú le Ravelóid: "Níl aon amhran ann ach go mbeidh Ravelóid ar an bhféile is spreagúla le eacht ar an bhfód in Éirinn le blianta beaga anuas. An bhfuli bealach níos fearr chun an Ghaeilge agus stair na tíre seo a cheiliúradh ná céilí i lár coille ag 3rn ar maidin, tar éis duit The Riptide Movement, Seo Linn agus neart bannaí eile a fheiceáil beo ar an ardán?"

Tuilleadh eolais ar www.raveloid.ie

Read 394 times
Rate this item
(0 votes)