Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Is oth linn a fhógairt go bhfuil an fhéile iontach spleodrach, Ravelóid, curtha ar athlá don bhliain seo. Féach, thíos, preasráiteas faoin scéal seo. Cé go bhfuil díomá orainn go léir an nuacht seo a chloisteáil, táimid ag tnúth le Ravelóid eile amach anseo, agus é beartaithe ag lucht eagraithe na féile teacht le chéile agus pleanáil a dhéanamh ar an ócáid a chur ar siúl arís. Beidh lá eile ag an bPaorach, is cosúil! 

 

Is le croí trom atá Bord Stiúrtha Ravelóid tar éis cinneadh a ghlacadh Ravelóid a chur ar athlá don bhliain seo. Bhí an fhéile beartaithe do 10-11 Meitheamh 2016 ag Caisleán Ard Giolláin, Baile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath ach tá sí anois curtha siar mar gheall ar chúpla cúinse léiriúcháin.

Gabhann Ravelóid leithscéal as aon díomá a chothaíonn an cealú seo agus cinnteofar go n-aisíocfar gach duine a bhfuil ticéad ceannaithe acu sa tseachtain seo amach romhainn.

Ba mhian le Ravelóid buíochas a ghabháil le cách a thug cabhair, comhairle agus tacaíocht don fhéile le bliain anuas, go háirithe Éire 2016, RTÉ 2fm, Roinn na Gaeltachta agus Comhairle Contae Fhine Gall.

Tá dea-thoil shuntasach léirithe do Ravelóid i measc an phobail, in Éirinn agus thar lear, a chruthaíonn go bhfuil éileamh mór ann le haghaidh féile chomhaimseartha cheoil as Gaeilge.

Sa tréimhse amach romhainn beidh an Bord ag féachaint ar dháta eile don fhéile.

It is with great reluctance that the Board of Directors of Ravelóid have decided to postpone Ravelóid and it will no longer take place in 2016.  The festival was originally planned for 10-11 June 2016 in Ardgillan Castle, Balbriggan, Co Dublin and has been postponed due to a number of production factors. 

Ravelóid fully apologies for any disappointment caused and will ensure that everyone who purchased tickets will receive full refunds in the coming week. 

Ravelóid would also like to thank all those individuals and organisations who provided help, advice and assistance over the last twelve months, especially Ireland 2016, RTÉ 2fm, Roinn na Gaeltachta and Fingal County Council.

 The goodwill shown to Ravelóid among the general public, especially over the last few weeks, both nationally and internationally, has proven that there is a strong demand for a contemporary Irish language music festival.  

 The Board will be working in the coming months on an alternative date. 

 

 

 

 

Read 1293 times
Rate this item
(0 votes)