Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Is clár siamsaíochta, do mhná faoi mhná é an sraith Róisín. Tá siad ar thóir taighdeora don tsraith seo chugainn a chraolfar ar TG4 Meán Fómhair 2016-Márta 2017.    

I measc na bpríomh-dhualgas agus scileanna a bheidh ag an té a cheapfar, beidh:

  • Tuisicint soiléir ar aidhmeanna an chláir
  • Aimsiú, taighde agus forbairt ar ábhar agus ar scéalta oiriúnacha
  • An cumas nótaí a dhréachtú agus cur síos  ó bhéal ar ábhar agus aíonna.
  • Breithiúnas a dhéanamh ar oiriúnacht aíonna
  • Scileanna idir-phearsana den scoth, cumas foirne, cumarsáid mhaith
  • Ardchaighdeán Gaeilge,  labhartha agus scríofa.
  • Taithí agus  suim sna meáin shóisialta
  • Tuiscint ar úsáid na n-ardán digiteacha chun tairbhe an chláir.
  • Eolas agus tuiscint ar lucht féachana na sraithe
  • Cruthaitheacht le cur chuige an ábhair
  • Cumas maith ríomhaireachta agus riaracháin
  • Solúbthacht agus sástacht freagrachtaí breise a ghlacadh nuair is gá.

Seol r phost ina bhfuil  d’iarratas mar aon le moltaí agus leagan amach samplach do dhá eagrán den chlár  chuig  deirdre.ni.choistin @ tg4.ie


Spriocdháta: 3ú Meithimh, 2016

Uimhir Teagmhála: +353 91 505042

Read 1579 times
Rate this item
(0 votes)