Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá post lánaimseartha mar Oifigeach Forbartha Gaeilge á thairiscint ag Conradh na Gaeilge, An tAonach, Co. Thiobraid Árann.

RIACHTANACH 

  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, maraon le tiomantas don Ghaeilge
  • Ardscileanna cumarsáide, eagrúcháin agus idirphearsanta
  • Taithí i bhforbairt pobail, go háirithe pobal Gaeilge
  • An cumas bheith ag obair as do stuaim féin chomh maith le bheith mar bhall d’fhoireann.
  • Duine fuinniúil, bríomhar le cumas i gcúrsaí ríomhaireachta agus idirlín.

 

Tús Tuarastail :  €27,464

 Conradh : 2016 – 2020 ag brath ar fheidhmíocht.

 

Foirm le comhlánú ar fáil. Seol litir iarratais, foirm chomhlánaithe agus CV roimh 22 Iúil 2016

Chuig  : An Rúnaí, Conradh na Gaeilge, 50 Sr. an Phiarsaigh, An tAonach, Co. Thiobraid Árann.

 

Ríomhphost: cnagantaonach@gmail.com

Read 966 times
Rate this item
(0 votes)