Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá Oireachtas Chois Fharraige 2016 faoi lán seoil an tseachtain seo agus neart imeachtaí fós le teacht:

  • Ar an Aoine seo sa Seanscoil, Indreabhán, beidh dhá sheó spéisiúla a bhaineann le Pádraig Mac Piarais: Caithréim, seó ceolmhar curtha le céile ag Síle Denvir i dtosach agus ina dhiaidh Mac Piarais i bPictiúir, déanta ag Fíbín.  
  • Ar an Satharn beidh ceolchoirm mhór an Oireachtais, ar bun in Óstán na Páirce ag tosú ag 8.00in, le scoth na gceoltóirí, na fonnadóirí agus na damhsóirí páirteach ann. 
  • Ar an Domhnach, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán beidh Boicíní Bóthar Kilburn, á léiriú ag Aisteoirí an Spidéil ag tosú ag 8.30in. 
  • Cuirfear clabhsúr ceolmhar leis an bhféile 10 lá sa Phoitín Stil ar an Domhnach, áit a mbeidh Marcus Ó hIarnáin agus a chlann ag cur an cheoil ar fáil, ag tosnú ag 21.30in. 

 

Is féidir an clár iomlán a aimsiú ar an suíomh idirlín www.coisfharraige.ie

Má tá suim agat suíochán a chur in áirithe, is féidir ríomhphost a sheoladh ag comoradh40@gmail.com nó téacs/glaoch a chur ag 083 8649519.

 

Read 538 times
Rate this item
(0 votes)