Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Dhiúltaigh ionadaí ó Rialtas na Breataine freagra a thabhairt ar cheist a bhain le reachtaíocht don Ghaeilge ó thuaidh in Éirinn, nuair a tógadh an t-ábhar ag coiste de chuid na Náisiún Aontaithe an tseachtain seo caite. Is ag an Choiste Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha (CESCR), ar an Chéadaoin 15 Meitheamh, a thóg an tUasal Rodrigo Uprimny an cheist maidir le ról agus dualgas Rialtas na Breataine i dtaca le cosaint chearta phobal na Gaeilge ó thuaidh.

 

Rodrigo Uprimny

Thug Uprimny le fios fosta nach bhfuil aon chosaint reachtúil ann don Ghaeilge ó thuaidh, in ainneoin moltaí a rinneadh i ngrinnfhiosrúcháin idirnáisiúnta CESCR roimhe seo. Agus Rialtas na Breataine ag tabhairt freagraí agus ag plé ceisteanna eile a tógadh ag an choiste, rinne siad neamhaird ghlan ar na ceisteanna sonracha a cuireadh orthu i dtaobh na Gaeilge. 

Dúirt Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge: 

“Is mór an díomá é do phobal na Gaeilge anseo ó thuaidh nach féidir linn fiú freagra a fháil ar an teip atá a dhéanamh ag Rialtas na Breataine ar an Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge sna sé contae.  Léiríonn an neamhaird a rinneadh ar na ceisteanna tábhachtacha seo dímheas ar chás agus ar phobal na Gaeilge trí chéile.” 

Ar bharr ar seo, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:

 “Chomh fada siar le 2009 tá CESCR ag moladh, ar ardán idirnáisiúnta, do Rialtas na Breataine a gcuid dualgas reachtúil maidir le hAcht Gaeilge a fhíorú, ach is cúis imní agus údar frustrachais gur beag dul chun cinn atá déanta ó shin.”

 “Chuige sin, is cuid lárnach é de Chomhaontú Chill Rìmhinn (2006) í reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh. Deich mbliana thíos an líne tá pobal na Gaeilge go fóill ag sodar i ndiaidh bhunchearta daonna den chineál seo. Tá ról lárnach, agus dualgas reachtúil, ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann, mar chomhshínitheoirí ar an Chomhaontú, beart de réir á mbriathar a dhéanamh sa chás seo. Iarann Conradh na Gaeilge ar an dá Rialtas bheith iomlán freagrach as na coimitmintí a thug siad agus Acht teanga a reachtú ó thuaidh.”

 Éilíonn Conradh na Gaeilge ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann araon, mar chomhshínitheoirí ar Chomhaontú Chill Rìmhinn, freagraí a thabhairt ar an ról atá acu reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh, faoi mar a aontaíodh agus mar a gealladh deich mbliana ó shin.

Read 776 times
Rate this item
(0 votes)