Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

 

Cuirfidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, fáilte roimh an seachtar rannchuiditheoirí a chruthaigh agus a d’aistrigh an cúrsa Gaeilge ar Duolingo, in Áras an Uachtaráin inniu (Dé hAoine, 25 Samhain 2016). Tá imeacht speisialta á reáchtáil san Áras le haitheantas a thabhairt dóibh as an méid atá bainte amach acu don Ghaeilge.

Ó cuireadh an cúrsa Gaeilge ar fáil breis agus dhá bhliain ó shin, tá 2.3 milliún duine tar éis úsáid a bhaint as Duolingo le Gaeilge a fhoghlaim. Mar thoradh air seo, tá an Ghaeilge i measc na ndeich dteanga is mó tóir ar Duolingo, le formhór na bhfoghlaimeoirí nua lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

“Ba mhaith le Conradh na Gaeilge comhghairdeas a ghabháil leis an seachtar rannchuiditheoirí as ucht an ghaisce éachtaigh seo a bhaint amach. De bharr a gcuid oibre, tá 2.3 milliún duine ag foghlaim na Gaeilge le dhá bhliain anuas; is toradh dochreidte é seo. Is féidir dea-thionchar an chúrsa Gaeilge a fheiceáil leis an ardú spéise inár gcuid oibre agus sinn ag cur na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus thar lear. A bhuíochas leis an gcomhoibriú idir na rannchuiditheoirí agus Duolingo, tá sé níos éasca agus níos spraíúla ná riamh an Ghaeilge a fhoghlaim.” 

Deir Oisín Ó Doinn, Scoláire de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn agus rannchuiditheoir le cúrsa Gaeilge Duolingo:

“Is ardú meanma é domsa an oiread seo daoine a fheiceáil ag baint tairbhe as cúrsa Gaeilge saor in aisce agus mé ag obair air le dhá bhliain go leith anuas. Is fiú go mór an obair dhian, dhícheallach atá á déanamh againn nuair a fheictear an t-éileamh idirnáisiúnta atá ar an gcúrsa agus go bhfuil 3,000 duine nua á úsáid in aghaidh an lae.”

Dúirt Gina Gotthilf, Leas Uachtarán Um Fhorbairt Duolingo:

“Ó bhunaíomar Duolingo ceithre bliana ó shin, tá 87 cúrsa seolta againn le hoideachas a sholáthar saor in aisce do bhreis agus 150 milliún foghlaimeoir. Táimid bródúil as obair na rannchuiditheoirí a chruthaigh an cúrsa Gaeilge, agus ríméadach le bheith páirteach in athbheochan na teanga áille seo, agus ag cuidiú le pobail labhartha nua a chruthú don 21ú aois.”

Beidh idir ionadaithe ó Duolingo, ó Chonradh na Gaeilge agus rannchuiditheoirí an chúrsa i láthair ag an bhfáiltiú in Áras an Uachtaráin ar maidin le bualadh le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus le labhairt leis faoin gcur chun cinn atá idir lámha acu ar son na Gaeilge. Cuirfidh Conradh na Gaeilge tús le scéim gradam faoi leith chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn acu i 2017. 

 

 

 

Read 267 times
Rate this item
(0 votes)