Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

 

Tá réimse leathan de phacáistí corparáideacha ar fáil mar a bhaineann le seastáin, fógraíocht agus go leor eile le haghaidh Oireachtas na Samhna 2017. Cuireann An tOireachtas fíorfáilte roimh aon eagraíochtaí, fiontair bheaga, comhlachtaí agus Ranna Stáit le Gaeilge a bhfuil spéis acu a seirbhísí agus a earraí a chur chun cinn ag an bhféile is gaelaí ar domhain!

Beidh puball speisialta “Aonach an Oireachtais” curtha in airde taobh leis an INEC san Óstán Gleneagle i mbliana do lucht na seastán. Táimid ag súil le hatmaisféar spraíúil agus tarraingteach san Aonach agus imeachtaí iontacha beartaithe thar laethanta na bhféile.

Beidh Margadh Mochóirí i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2017 ar na pacáistí ar fad. Is féidir aon cheann de na pacáistí corparáideacha a chur in áirithe ag na naisc seo a leanas:

Seastáin agus Fógraíocht: http://www.antoireachtas.ie/oireachtas-na-samhna/seastain-agus-fograiocht.html

Pacáiste Corparáideach na Féile: http://www.antoireachtas.ie/oireachtas-na-samhna/pacaisti-corparaideacha.html

Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar Chill Airne, Co. Chiarraí i mbliana ón 1-5 Samhain 2017. Beidh uasdátú á dhéanamh ar an suíomh as seo go dtí aimsir na féile maidir leis na himeachtaí a bheidh á reáchtáil againn: http://www.antoireachtas.ie/oireachtas-na-samhna/

 

Read 133 times
Rate this item
(0 votes)