Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Beidh An Dream Dearg ar na sráideanna inniu leis an bhfeachtas #DeargLeFearg mar chuid de shraith agóidí atá beartaithe leis an reachtaíocht agus na cearta a gealladh breis agus 10 mbliana ó shin a aimsiú. Cruthaíodh an Dream Dearg sa bhliain 2014, agus a tháinig le chéile arís Deireadh Fómhair 2016 i ndiaidh ionsaithe leanúnacha ar an nGaeilge ó Airí an tionóil agus ionadaithe pobail; atá ag iarraidh pobal na Gaeilge a chur ar an imeall mar aon le bac a chur leis na geallúintí a tugadh do chothromas do na Gaeil.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí An Dream Dearg:

‘Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na mílte a thacaigh lenár bhfeachtas agusa sheas leis na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste inár bpobal, agus £500,000,000 á chur amú leis an scannal RHI. Is mar gheall ar an tacaíocht sin nach raibh an dara rogha ag an Aire, ach an Scéim Sparántachta Líofa a chur i bhfeidhm arís ar maidin. 

“Tá aidhmeanna An Dream Dearg i bhfad níos leithne agus níos cuimsithí ná an Scéim Sparántachta Gaeltachta.

“Ní ghlacfaidh pobal na Gaeilge leis an dóigh a bhfuil a chaitheamh leo, mar a bheadh saoránaigh dara grád ann. Tá pobal na Gaeilge #DeargLeFearg de bhrí na teipe leanúnaí ó na húdaráis lenár gcearta a chosaint agus a chur chun cinn, i ndiaidh 18 mbliana ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ann agus 10 mbliana ó bhí Comhaontú Chill Rímhinn an sa bhliain 2006.

“Tá muid ar na sráideanna inniu lenár míshásamh agus lenár bhfearg a chur in iúl faoi na hionsaithe samhnasacha agus náireacha atá á ndéanamh ar ár bpobal le deanaí. Ní pribhléidí ná deonú atá a dhíobháil orainn ach cothromas agus cóir. Is féidir seo a dhéanamh le reachtaíocht amháin, a chuimsíonn ár gcearta mar Ghaeil.

‘Cuireann muid fáilte roimh an tacaíocht traspháirtí atá le sonrú ar fud an phobail agus iarrann muid ar gach aon duine atá á seasamh linn, le bheith linn go dtí go bhfuil ár gceart bainte amach againn daingnithe.

‘Is gá d’idirbheartaíocht nó do réiteach polaitiúil amach anseo a bheith ag brath ar sholáthar na gcearta a gealladh do phobal na Gaeilge. Ní seo ach tús ár bhfeachtais.’

Dúirt Tánaiste Chonradh na Gaeilge agus Uachtarán Chomhaltas Uladh, Niall Comer: 

“Cé go bhfuil áthas orm go raibh ar an Aire Givan géilleadh do bhrú an phobail, tá géarghá fós aghaidh a thabhairt ar ról na Gaeilge sa tsochaí seo. Is de riachtanas é go reachtálfar Acht Gaeilge chun freastal ar mhianta an phobail. Táimid ag fanacht le blianta ar aitheantas dár gcearta, agus nílimid sásta fanacht a thuilleadh.”

Read 139 times
Rate this item
(0 votes)