Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá Imbolc 2016, comhdháil spreagúil na Gaeilge, ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn, Satharn 6 Feabhra, san Ionad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí.

Diarmuid de Faoite a bheidh ar stáite ar an oíche roimh ré, Aoine 5/02/2016

 

Is tionól aon lá amháin é, Imbolc, a thosnaíonn ag 10:00 r.n. (clárú ó 9:30), agus beidh Gaeilgeoirí iontacha ag caint ann, daoine a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol - gnó, na healaíona, na heolaíochtaí agus eile. Tá cainteoirí den chéad scoth ann arís i mbliana, le saothar agus scéalta fíor-spéisiúla ag gach duine acu. In éineacht le lá na comhdhála féin, beidh seó speisíalta na féile ar siúl an oíche roimh ré, ag 8:30i.n. le Diarmuid de Faoite - an chéad uair le blianta a bhfuil a sheó "Pádraic Ó Conaire" ar an stáitse!

Is féidir breathnú ar an gclár sealadach, thíos.

  • Clár an Fhéile

    CLÁR SEALADACH SATHARN 6ú FEABHRA

    10:00 Ciara ní Éanacháin - bunaitheoir na féile filíocht Reic a tharlaíonn i mBaile Átha Cliath. Beidh Ciara ag cur a tuaraimí féin faoin bhfilíocht, agus a háit sa domhan, os ár gcomhair. Ba cheart éisteacht!

    10:30 David Stifter - ollamh le Sean-Ghaeilge in Ollscoil Maigh Nuad, a bheidh ag caint linn faoin tionscadal úrnua a dhéanann anailísar an tSean-Ghaeilge le ríomhairí is le matamaitic, Chronologicon Hibernicum.

    11:00 SOS

    11:30 Feena Tóibín - Tá Feena i mbun dochtúireachta faoi láthair maidir le pearsa an-mhór i stair na tíre seo - Dubhghláis de hÍde. Oiriúnach amach is amach sa bhliain comóraidh seo!

    12:00 Antoin O Lachtnain - saineolaí cearta agus príobháideachais ar líne, a bhfuil ról lárnach aige sa ghrúpa Digital Rights Ireland - eagraíocht a chuireann sí roimpi cearta bunúsacha ar líne a chur chun cinn. An mbaineann tú úsáid as Facebook? Ba chóirt duit do chearata a bheith ar eolas agat!

    12:30 LÓN

    2:00 Rua - Cá bhfuil an teorainn idir an tsíceolaíocht agus an draíocht? Ar an líne sin a oibríonn Rua, draíodóir, is intinneoir, na Gaeilge!

    2:30 Síle Nic Chonaonaigh - Is mó na buanna atá ag Síle (láithreoir, aisteoir, moltóir agus eile!), agus feictear í go rialta ag taisteal na tíre ar an gclár Dúiche ar TG4. Níl duine níos fearr chun meon an phobail a nochtadh dúinn.

    3:00 SOS

    3:30 Tomás Mac Uidhir - Oibríonn Tomás san Institiúid Taighde Comhshaoil (Environmental Research Institute) i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Is saineolaí aeráide é Tomás, agus tabharfaidh sé léargas dúinn ar thorthaí COP 21 agus ar an tábhacht a bhaineann leis na cinntí a rinneadh ann.

    4:00 Diarmuid de Faoite - Aisteoir mór i saol na Gaeilge é Diarmuid, a bheidh díreach tar éis an chéad léiriúchán le blianta fada a dhéanamh den dráma aonair, Pádraic Ó Conaire, an oíche roimh ré. Fuair an dráma ard-mholadh ó mheáin na Gaeilge is an Bhéarla araon, agus ní féidir ach le haisteoir iontach an jab a dhéanamh!

    AN OÍCHE: Oíche siamsíoachta is béile na féile sa Mhuileann.

Ar an lá tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair atá ar siúl aige/aici - tugann sé sin deis don slua réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh, chomh maith le cuid mhaith díospóireachta ina ndiaidh! Seans iontach a bheidh ann bualadh le daoine spreagúla spéisiúla, go hiomlán trí mhéan na Gaeilge. Tá cainteanna na mblianta seo thart ar fáil saor in aisce ar an suíomh www.imbolc.ie

Beidh fáilte agus fiche roimh gach éinne ag Imbolc - féach ar www.imbolc.ie le haghaidh ticéad agus breis eolais. Má tá eolas breise uait is féidir féachaint ar an suíomh sin nó dul i dteagmháil leo féin ag (085) 1447789. Is féidir sonraí an tseó ar an Aoine a fheiceáil ag www.ionadculturtha.ie.

Read 317 times
Rate this item
(0 votes)