Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Foilsíodh ‘Torthaí Achomair Dhaonáireamh 2016, Cuid 1’ inniu a léiríonn na chéadtorthaí maidir le húsáid na Gaeilge i measc daonra 4,761,865 na hÉireann.  Dúirt 1,761,420 (39.8%) de fhreagróirí go raibh siad in ann an Ghaeilge a labhairt, titim bheag 0.7% ar fhigiúr 2011. As an 1,761,420 duine a bhí in ann an Ghaeilge a labhairt, labhair 73,803 acu sin an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, laghdú 3,382 ar fhigiúr 2011.

Ag labhairt dó inniu ar fhoilsiú na dtorthaí, dúirt Seán Ó Coinn, Priomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go léiríonn an titim ar líon na ndaoine atá in ann an Ghaeilge a labhairt “na dúshláin agus na deiseanna atá roimh Fhoras na Gaeilge agus earnáil na Gaeilge sna blianta amach romhainn. Cé go léiríonn na figiúirí go bhfuil titim bheag ann, tá 1,761,420 cainteoir Gaeilge in Éirinn go fóill agus is ábhar dóchais an méid sin.  Dúirt sé  “is ábhar imní an laghdú 11.2% atá tar éis teacht ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta, go háirithe i gcontaethe Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus Chiarraí. Léiríonn na figiúirí sin dúinn a leochailí atá an Ghaeilge sa Ghaeltacht. É sin ráite, seasann daonra iomlán na Gaeltachta ag 96,090 agus tá Gaeilge ag 66.3% den daonra sin. Ní mór dúinn an deis a thapú tríd na prósis pleanála teanga le dul i bhfeidhm ar an 33.7% acu sin nach bhfuil ag labhairt Gaeilge. 

Ag tagairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 dúirt Ó Coinn “bhí tús lag ag forbairt na Straitéise sna blianta tosaigh de bharr chúrsaí geilleagair ach tá 6 cheanneagraiocht Ghaeilge ann ó 2014 a dhíríonn go sonrach ar réimsí oibre éagsúla a chuireann deiseanna úsáide don Ghaeilge ar fáil. Le bunstruchtúir An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 curtha i bhfeidhm, tá próiseas pleanála teanga in áit lena n-áirítear Limistéir Pleanála Teanga, Bailte Seirbhíse Gaeltachta, Líonraí Gaeilge agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta. Struchtúir iad atá á bhforbairt le tógáil ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht’.

Ag tagairt don chóras oideachais, dúirt Ó Coinn “is ábhar dóchais é líon na ndaoine óga (69.9%) idir 10 agus 19 atá in ann an Ghaeilge a labhairt, rud a léiríonn go bhfuil ag éirí le múinteoirí i roinnt mhaith dá scoileanna dul i bhfeidhm ar dhaoine óga. Tá sé soiléir mar sin féin gur gá amharc ar an gcóras oideachais lena fháil amach cad é mar is féidir dul i ngleic leis an aon trian den aoisghrúpa sin (30.1%) a mheasann nach bhfuil labhairt na Gaeilge acu i ndiaidh teacht tríd an chóras oideachais.”

D’fháiltigh Foras na Gaeilge go mór roimh mhaoiniú breise €750,000 a cheadaigh An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i mí na Nollag 2016, agus le fógairt na Roinne inniu. Dúirt Ó Coinn, “Is léir go bhfuil deireadh tagtha le ré na gciorruithe agus go mbeidh deis againn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a leiríonn na figiúirí daonáirimh in 2017 lenár bpáirtithe leasmhara.”

Beidh na torthaí á scagadh ag Foras na Gaeilge leis na Ceanneagraíochtaí Gaeilge, leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta , An Roinn Oideachais agus Scileanna chomh maith le páirtithe leasmhara eile na míonna amach romhainn.

 

 

 

Read 116 times
Rate this item
(0 votes)