Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Dea-Scéal Gaeilge na Gaillimhe fógartha ag ár gcairde i nGaillimh le Gaeilge

Is scéim phíolótach í #GRMAGaillimh chun lucht gnó na Gaillimhe a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid go laethúil ina gcuid gnólachtaí. Tá leagan Béarla agus litriú foghraíochta leis na frásaí simplí Gaeilge seo atá éasca le húsáid ag an té nach bhfuil Gaeilge acu agus ag an té a bhfuil Gaeilge acu. Is í an aidhm atá leis an scéim seo ná an teanga labhartha a bheith i lár an aonaigh ar shráideanna na Gaillimhe ionas go gcloisfidh agus go mothóidh cuairteoirí agus muintir na Gaillimhe araon an carachtair dátheangach atá ag ‘Gaillimh |Galway’.

 Déanfar é a sheoladh ar an 14 Márta 2016 sa Siopa Treasure Chest ar Shráid Liam mar chuid den cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge.

Mar eolas, tá eolaire nua á chur le chéile ag PEIG.ie de ghnólachtaí a chuireann seirbhísí as Gaeilge ar fáil don phobal. Tuilleadh Eolais ar fáil anseo!

 

 

 

 

 

 

Read 687 times
Rate this item
(0 votes)