Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá Chló Iar-Chonnacht díreach théis a fhógairt go mbeidh dhá ócáid mhóra á reáchtáil mar chomóradh ar fhoilsiú na n-aistriúchán nua ar mhórshaothar litríochta Mháirtín Uí Chadhain Cré na Cille.  Cuirfear tús leis an gcomóradh i nGaillimh ar an Aoine, 8 Aibreán, áit a mbeidh comhdháil lae ar siúl i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, in Áras na Gaeilge san ollscoil.

 Pléifidh agus cíorfaidh meitheal cainteoirí éirimiúla tionchar, tábhacht agus toradh Cré na Cille ag an gcomhdháil. Tabharfar aghaidh ar an Spidéal tráthnóna na comhdhála, áit a mbeidh ócáid speisialta á reáchtáil Tigh Ghiblin ag a 8.00 i.n. ag a gcuirfidh Bob Quinn an t-aistriúchán nua GRAVEYARD CLAY Cré na Cille, le ag Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson, i láthair an phobail den chéad uair.

Seolfar an t-eagrán le clúdach bog de THE DIRTY DUST Cré na Cille, aistriúchán Alan Titley, a foilsíodh anuraidh faoi chlúdach crua, ag an ócáid freisin. Is é seo an chéad uair a mbeidh fáil ag an bpobal ar dhá aistriúchán fhíoréagsúla de shár-úrscéal Uí Chadhain. 

Leanfar leis an gcomóradh i mBaile Átha Cliath ar an Luan, 11 Aibreán, ag 6.00 i.n. i dTeach na Clódóireachta, Coláiste na Tríonóide, áit a seolfaidh Cathal Goan, iar-Cheannaire TG4 agus iar-Stiúrthóir Ginearálta RTÉ, na haistriúcháin agus a mbeidh ionadaithe ó na foilsitheoirí Yale University Press i láthair. Tá an ócáid seo á reáchtáil i gcomhar le hOifig na Gaeilge, Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide.

 

Cré na Cille: Comhdháil Lae

Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh

8 Aibreán 2016

Clár

Am/Seisiún

Cainteoir

Ábhar

09.30-10.00

An tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid, OÉ Gaillimh

Seoladh na Comhdhála i dTéatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge,

OÉ Gaillimh

Seisiún 1

Cathaoirleach

An Dr Dorothy Ní Uigín

10.00-11.15

Dónall Ó Braonáin

Rómánsachas, cultúr agus muintir na cille

 

An Dr Aingeal Ní Chualáin

An tÁilíos in Cré na Cille

 

11.15-11.45   Tae & Caifé

 

Seisiún 2

Cathaoirleach

An Dr Rióna Ní Fhrighil

11.45-13.00

An Dr Lillis Ó Laoire

Caitríona Pháidín: Leathchúpla nimheanta Pheig?

 

An tOllamh Gearóid Denvir

Ó léirmheas go critic: Ag “Léamh” Cré na Cille

 

 

13.00-14.30 Lón

 

Seisiún 3

Cathaoirleach

Máire Ní Chualáin

14.30-16.00

An tOllamh Alan Titley

Ag dul i ngleic le Cré na Cille: Aighneas pearsanta

 

Joe Steve Ó Neachtain

Tionchar Cré na Cille ar an bpobal áitiúil

 

 

Read 948 times
Rate this item
(0 votes)