Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Bronnfar Gradam an Chonartha ar Bhrian Ó Baoill oíche Shathairn, seisiún plé le hionadaithe polaitíochta oíche Aoine.

Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Gaillimh ó 24 – 26 Feabhra 2017 agus is é Athbheochan na Gaeilge mar thosaíocht d’Éirinn téama na hArd-Fheise i mbliana. Labhróidh an tAire um Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD; Aindrias Ó Muineacháin, TD; an Seanadóir Niall Ó Donnghaile; Catherine Connolly, TD; agus Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ar thábhacht athbheochan na linne seo ag seisiún plé poiblí ar 8.30in oíche Aoine na hArd-Fheise (24 Feabhra 2017), áit a mbeidh Eimear Ní Chonaola ó TG4 ina Cathaoirleach ar an bplé.

Ansin bronnfar Gradam Chonradh na Gaeilge ar Bhrian Ó Baoill ag Dinnéar na hArd-Fheise oíche Shathairn (25 Feabhra 2017). Is as Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin ó dhúchas é Brian, fear a bhfuil a shaol caite aige ag obair ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus é ina chónaí in Indreabhán na Gaillimhe le fada an lá.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is duine é Brian atá sáite i bhforbairt a phobail féin i gCois Fharraige, áit a bhfuil cónaí air le fada agus áit ar thóg sé féin agus a bhean Beití a gclann le Gaeilge. Rinne Briain éacht oibre le hÓgchlubanna Chonamara, tráth go raibh club óige i ngach paróiste i nGaeltacht Chonamara, agus is le díograis agus le fuinneamh a chaith sé a chuid ama ar Choiste Gnó an Chonartha. Is mór againn Gradam Chonradh na Gaeilge a bhronnadh ar Bhrian mar aitheantas ar an tiomantas a léirigh sé don teanga i gcónaí.”

Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge agus Cathaoirleach Choiste Chontae na Gaillimhe: 

“Agus scór bliain de TG4 á gceiliúradh againn i mbliana, tá sé tráthúil smaoineamh siar ar an bhfeachtas a d’éiligh stáisiún teilifíse Gaeilge tráth nach raibh ach dhá uair a’ chloig de chláracha Gaeilge ar RTÉ in aghaidh na seachtaine i 1985, agus gan fiú clár Gaeilge amháin do pháistí á chraoladh.

“Bhí Brian Ó Baoill ar dhuine den chúigear déag a chaith tréimhse i bpríosún chun cearta na Gaeilge a bhaint amach agus chun an éagóir seo a chur ina cheart. Is mór an onóir í dúinne i gConradh na Gaeilge laoch na teanga dá leithéid a aithint leis an ngradam oifigiúil seo.”

Osclóidh Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2017 roimh an seisiún plé in Óstán Chuan na Gaillimhe ar 8.00in oíche Aoine (24 Feabhra 2017). Beifear in ann imeachtaí na hArd-Fheise a leanúint beo ar Facebook, agus ar Twitter leis an haischlib #AFCnaGnó trí chuntas an Chonartha ag @CnaG.

 

 

 

 

 

Read 188 times
Rate this item
(0 votes)