Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

D’éirigh le foireann peig.ie gradam a bhuchan ag na eGovernment Awards Dé hAoine seo caite i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí an fhoireann i láthair ag an mbronnadh. Bhí Conall Ó Móráin ina fhear an tí air. Is Stiúrthóir Bainistíochta The Media Group é Ó Móráin, agus cuireann sé clár gnó le Today FM i láthair gach Domhnach. 

Thug Ó Móráin ard-mholadh don suíomh agus é mar mholtóir don chatagóir Gaeilge:

“Is dóigh an rud is tábhachtaí domsa mar bhreitheamh anseo ná go bhfuil eolas nó ábhar ar an suíomh a tharraingíonn isteach daoine pé aois iad, óg nó sean.

"Ní mhairfidh agus ní fiú mórán in aon chor suíomh idirlín nach bhfuil beo. Caithfidh sé a bheith beo an t-am ar fad le daoine a mhealladh isteach.

"An chéad rud ná gur úsáid siad an t-ainm ‘peig’ mar go gcuireann Peig isteach ar uile chuid duine agus tá an-áthas ormsa go ndúirt siad: ‘hey, táimid ag dul i ngleic le daoine maidir le Peig agus an saghas staire a bhaineann léi agus an leabhar, srl.'

"Aon rud atá ag tarlú maidir le Gaeilge, is dóigh liom féin go bhfuil sé le fáil ar an suíomh seo. Suíomh an-bhreá, tá an-chuid oibre curtha isteach ann agus tá cuma air go leanann siad ar aghaidh lá i ndiaidh lae ag cur an obair chéanna, an dian-obair chéanna isteach sa suíomh.”

 

 

Louise Ní Fhearghail agus Dáire Ó Faogáin ó Fhoireann PEIG.ie

 

Is féidir breathnú ar fhíseán de gach grúpa a bhí ainmnithe don chatagóir ag an nasc thíos:

eGovernment Awards Catagóir 'Gaeilge'

 

Read 156 times
Rate this item
(0 votes)