Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

 

Inné (26 Aibreán 2016) i mBaile Átha Cliath, d’fhógair An tOireachtas na scannáin atá gearrliostaithe don ghradam ‘Gearrscannán na Bliana 2016’.  Is gradam nua é seo a bhronnfar i mbliana den chéad uair le hardán nua a thabhairt d’ealaín an ghearrscannáin agus chun aitheantas a thabhairt do na scannánóirí Gaeilge atá ag cruthú saothar ar ardchaighdeán. 

Cúig (5) scannán atá ar an ngearrliosta:1916 - An Bheirt ón Rinn (RoseAnn & Catherine Foley); Snámh in aghaidh Easa (Meangadh Fíbín); Áiliu Iath n-hÉrend (Dónal Ó Céilleachair & Martina Durac); Scíth an Taistealaí (Aodhán Ó Maoileoin & Seán Mac Cárthaigh); agus Eadrainn féin (Mairéad Kiernan). 

“Cúis ríméid dúinn an líon iontrálacha a fuaireamar don chatagóir nua seo,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Is léiriú é ar an bhfás ollmhór atá tagtha ar an seánra agus an tóir atá ag an bpobal air.  Bhíomar an-tógtha le caighdeán na n-iontrálacha i gcoitinne agus táimid ag tnúth le scoth na saothar a thaispeáint i nGaillimh lá bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016.” 

Taispeánfar na gearrscannáin seo tráthnóna Dé Aoine, 13 Bealtaine 2016, in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh. Fógrófar buaiteoir an chomórtais ag an Searmanas Bronnta níos deireanaí an oíche i dteannta na ngradam cumarsáide ar fad a bheidh á mbronnadh i mbliana. Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas do scoth na saothar in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain.

 Seo tuilleadh eolais faoi na gearrscannáin atá ar an ngearrliosta.

 

Gearrliosta: Gearrscannán na Bliana

 

Iomaitheoir 1

Ainm an ghearrscannáin: 1916 - An Bheirt ón Rinn

Ainm an léiritheora: RoseAnn & Catherine Foley

ACHOIMRE: Scéal faoi bheirt óglaigh ó Ghaeltacht na Rinne sna Déise a bhí in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath le linn Éirí Amach na Cásca 1916.

 

 

Iomaitheoir 2

Ainm an ghearrscannáin: Snámh in aghaidh Easa

Ainm an léiritheora: Meangadh Fíbín

ACHOIMRE: Clár faisnéise drámata a leanann ceithre bhád as Oileáin Árann, agus iad ar aistear as Ros an Mhíl go dtí Inse Shealtainn ar thóir ronnach.

 

Iomaitheoir 3

Ainm an ghearrscannáin: Áiliu Iath n-hÉrend

Ainm an léiritheora: Dónal Ó Céilleachair & Martina Durac

ACHOIMRE:  De réir na bhfabhalscéalta, is iad dánta, nó amhráin, Aimhirgín Glúngheal, na dánta ba thúisce a eachtraíodh in Éirinn. Tagann na dánta chugainn mar shraith de íomhánna ó shaol na hÉireann, stairiúil agus ón lá inniu, le córlíne ina gcloisimid na filí is fearr in Éirinn. Tuilleadh eolais ar:http://www.anupictures.com/project/invoking/

 

 

 Iomaitheoir 4

Ainm an ghearrscannáin: Scíth an Taistealaí

Ainm an léiritheora: Aodhán Ó Maoileoin & Seán Mac Cárthaigh

ACHOIMRE:  Fear óg ag comhrac d’fhonn a shaol a fheabhsú.

 

 

Iomaitheoir 5

Ainm an ghearrscannáin: Eadrainn féin

Ainm an léiritheora: Mairéad Kiernan

ACHOIMRE:  Taispeánann an gearrscannán seo an t-athrú a thagann ar an gcaidreamh idir athair atá traidisiúnta ina dhearcadh agus a mhac nuair a thosaíonn an mac ag ceistiú cúrsaí inscne.

Read 436 times
Rate this item
(0 votes)