Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Beidh fáilte roimh dhaoine páirt a ghlacadh i gcuairt speisialta ar bhailiúchán de lámhscribhinní Gaeilge a thiomsaigh an tAthair Tomás de Bhál Dé Aoine beag seo an 15 Aibreán. Mar chuid de cheiliúradh speisialta atá eagraithe ag Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál atá an chuairt á tabhairt.  ‘An Aisling a Cumadh: 1916 agus an Éigse’ is teideal don cheiliúradh lae seo a chuimseoidh ceol, cainteanna agus imeachtaí eile.

Bhí cáil ar an Athair de Bhál mar radacach agus é i measc bheirt shagart a chosain Easpag Luimnigh, an Dr Ó Duibhir,  tar éis don bheirt tacú le lucht an Éirí Amach. Tá ocáid na hAoine mar chuid de chlár cuimsitheach atá curtha le chéile ag comhluadar an choláiste chun1916 a chomóradh. Beidh taispeántas speisialta, atá ar iasacht ó cheannáras Chonradh na Gaeilge,  artaispeáint i bhfáiltiú an choláiste i gcaitheamh na n-imeachtaí. Tugann an taispeántas seo eolas maidir leisan nasc idir Conradh na Gaeilge agus glúin na réabhlóide.

 Seisiún cainteanna a chuirfidh tús le clár an lae ag meánlae ar an Aoine. Pléifidh an Dr Róisín Ní Ghairbhí na ceangail atá ann idir an ghluaiseacht nua-Ealaíne Éireannaí, glúin na réabhlóide agus gluaiseacht na Gaeilge. Tráchtfaidh Roibeárd Ó Cathasaigh ar sheal a chaith Earnán de Blaghad i gCorca Dhuibhne idir 1913-14. Déanfaidh Ceann Roinn na Gaeilge Máire Ní Neachtain plé idir na ceangail atá ann idir an Dr Ó Duibhir agus gearrscéal Phádraic Uí Conaire ‘Anam an Easpaig.’ Ag  2.15 casfaidh na daoine ar spéis leo cuairt a thabhairt ar bhailiúchán de Bhál atá anois ar coimeád i gCartlann Dheoise Luimnigh le chéile sa bhFáilitiú i gColáiste Mhuire gan Smál. Tá an cartlannaí David Bracken ar bís faoin gcuairt agus é an bhródúil as an acmhainn seo atá ar fáil do scoláirí na mórdúiche.

Beidh siansa ceoil agus amhráin de chuid ré na réabhlóide ar siúl sa choláiste óna 3.30 agus cuirfear clabhsúr speisialta le clár an lae le caint speisialta ó Pheadar Ó Riada roimh thaispeántas den scannán ‘Mise Éire’, a bhfuil ceol cáiliúil athair Pheadair, Seán Ó Riada mar fhuaimrian ann.  Tá saorchead isteach chuig gach imeacht agus fáilte roimh gach duine.  

Eolas: 061 204535   mary.oloughlin@mic.ul.ie nó Eolas Eile

Read 314 times
Rate this item
(0 votes)