Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Gaeil na Gaillimhe ar an bhfód

Le Peadar Mac Fhlannchadha, Lár Sráide, 28/01/2016

 


Tá foireann nua CLG, Gaeil na Gaillimhe, ar an bhfód agus é mar rún acu foirne peile, fir agus mná, a chur chun páirce nuair a thosaíonn séasúir pheile na bliana seo. Beidh an cumann nua ag feidhmiú trí Ghaeilge agus ag cruinniú spreagúil in Áras na nGael an tseachtain seo caite socruithe tús a chur leis an gcéad sheisiúin traenála ar Dé Céadaoin 3 Feabhra.

Cé go gcuirfear fáilte faoi leith rompu siúd ar spéis leo imirt leis an gCumann nua, tá ballraíocht sa chumann oscailte do dhuine ar bith ar spéis leo cabhrú leis an chumann a chur ar a chosa. Is cinnte nach mbeidh aon ghanntanas oibre i gceist agus na socruithe ar fad atá le déanamh chun club nua a bhunú agus foirne a chur páirce.

Aontaíodh ag an gcruinniú bunaithe go mbeadh gá gné sóisialta an chumainn a fhorbairt chomh maith leis an ngné pheile. Tá foirmeacha chlárúcháin ar fáil ó Stephen Joyce ag 0860757066 nó is féidir teagmháil a dhéanamh freisin le hEvelyn Fennelly anseo . Tá teacht ar fhoirmeacha freisin ó oifig Chonradh na Gaeilge in Áras na nGael nó ó fhoireann an Bheáir i gClub Áras na nGel, 45 Sr. Doiminic.

Read 540 times
Rate this item
(0 votes)