Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá fóraim ghnímh oscailte á dtionól ag Conradh na Gaeilge thuaidh agus theas le gníomhartha a aontú chun éilimh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn sna holltoghcháin a bheidh á reáchtáil i 2016. Tá tacaíocht oifigiúil faighte dóibh ó Fhianna Fáil agus ó Shinn Féin cheana féin, ach tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar pháirtithe eile ar fad tacú leis na héilimh roimh na holltoghcháin.

Scaipfidh Conradh na Gaeilge eolas i measc an phobail i ngach dáilcheantar agus i ngach toghcheantar faoi na hiarrthóirí agus faoi na páirtithe polaitiúla ar fad atá ag tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta roimh na holltoghcháin ansin, sna sála ar na fóraim ghnímh.

Tá trí fhóram gnímh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge an Chéadaoin bheag seo (27 Eanáir):

San Óstán Longford Arms, Longfort, ar 5.00in

In Áras an Mhuilinn ar an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí ar 7.30in

Agus i dteach tábhairne Billy Byrnes Bar i gCill Chainnigh ar 8.00in 

Ar bharr ar seo, tá cruinnithe eile socraithe i

Músaem Chontae Cheatharlach, ar 10.30rn maidin Chéadaoin, 10 Feabhra

agus in Óstán Loch Garman Arms, ag meánlae Dé Sathairn, 6 Feabhra

Thionól Conradh na Gaeilge fóraim ghnímh i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara, in Inis, i Luimneach, agus i Ros Comáin cheana féin, agus eagrófar tuilleadh i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar na bacáin. Más spéis le grúpa pobail áitiúil cabhrú leis an gConradh chun fóram gnímh a eagrú ina gceantar féin, is féidir teagmháil a dhéanamh le hArd-Oifig an Chonartha ag cearta@cnag.ie nó +353 (0)1 4757401

De réir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Ní neart go cur le chéile agus tabharfaidh polaiteoirí cluas éisteachta don phobal áitiúil má cheistítear gach iarrthóir a thagann chun dorais faoina bhfuil siad sásta tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nó nach bhfuil.”

Tá tuilleadh eolais faoi na bearta ionadaíochta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus faoi éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile ar fáil ó cearta@cnag.ie nó leis an haischlib #GaelVóta ar Twitter.

Read 290 times
Rate this item
(0 votes)