Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

 

Tá na Ceiltigh ag teacht go Ceatharlach!

 

Tá Ceatharlach ag ullmhú d’ionsaí ollmhór na gceilteach i rith saoire na Cásca nuair a bhaileoidh suas le 20,000 duine isteach sa bhaile thar sé lá don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2017.

Is ócáid faoi leith í Pan Cheilteach a mhairfidh ó 18 -23 Aibreán chun chultúr ceilteach na dtíortha atá rannpháirteach san fhéile idir Éire, an Bhreatain Bheag, Alba, an Bhriotáin, an Choirn agus Oileán Mhanainn a chomóradh agus a cheiliúradh. Tugann an féile idirnáisiúnta seo deis do na ceiltigh teacht le chéile uair sa bhliain chun taitneamh a bhaint as comhluadar agus cuideachta a chéile.

Tá clár spleodrach réitithe ag an gcoiste áitiúil agus i measc na mbuaicphointí beidh seisiúin agus ceolchoirmeacha, léachtaí agus ceardlanna, comórtais amhránaíocht traidisiúnta agus na gcór chomh maith le píobaireacht agus drumadóireacht, cruit agus fidil agus rince idir-chilteach in iliomad ionaid ar fud an bhaile. Beidh imeachtaí agus ócáidí do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, rinceoirí, cóir, filí, scéalaithe agus lucht leanúna ó na naisiúin éagsúla.

Ceann de mhór imeachtaí na féile ná an Comórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta a bheidh ar siúl oíche Dhéardaoin, 20ú Aibreán. In iomaíocht beidh amhrán ag gach ceann de na sé thír, amhrán nua-chumtha agus i dteanga cheilteach na tíre sin.

Ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann beidh an t-amhránaí Emer Ní Fhlaitheartaigh agus í ag casadh amhráin dar teideal ‘Taibhse’ a chum sí féin. Is amhrán le blaiseadh snagcheoil agus lán de mhothúcháin é.

‘Siad buaiteoirí an Oireachtais Caitlín Ní Chualáin, Máire Ní Choilm agus Colm Jimmy Ó Curraoin a dhéanfaidh ionadaíochta ar son na hÉireann ag an gComórtas Amhránaíocht Traidisiúnta a bheidh ar siúl Dé Ceadaoin, 19ú Aibreán. Craolfar na comórtais uile beo ar www.facebook.com/pancelticfestival

Reáchtáilfear rogha mór imeachtaí ins na tithe tábhairne agus beidh ceol de gach saghas á chasadh chomh maith le liosta fada seisiúin traidisiúnta. Tabharfar deis na teangacha ceilteacha a bhlaiseadh agus roinnt frásaí a fhoghlaim ag ceardlanna ar Ghaidhlig na hAlban, Manannais, Coirnis agus Gaeilge ar an gclár. Déanfaidh tír éagsúil Club na Féile a óstáil gach oíche i rith na féile chun saibhreas a gcultúir féin a cheiliúradh agus a roinnt leis an bpobal.

Reáchtálfaidh Oireachtas na Gaeilge ‘Ócáid Dioscúrsa maidir le Cearta Teanga’ bunaithe ar an éisteacht a d’eagraigh Liadh Ní Riada, Feisire Sinn Féin sa Bhruiséil anuraidh i gcomhar le ELEN. Beidh an feisire i láthair nuair a sheolfar torthaí na héisteachta in Óstán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Déardaoin, 20 Aibreán ag 4i.n. agus beidh fáilte roimh chách.

Thar aon ní eile is féile don phobal agus féile teaghlaigh í an Fhéile Pan Cheilteach le clár lán d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí a choiméadfaidh idir óg agus fásta gnóthach agus sásta sin uile agus tuilleadh….is fiú teacht agus fanacht i gCeatharlach d’Fhéile na gCeilteach an Cháisc seo. Tá gach eolas agus clár na féile ar www.panceltic.ie. Téigh ar facebook.com/pancelticfestival agus coiméad suas chun dáta faoi imeachtaí uile na féile.

Bí linn i gCeatharlach an Cháisc seo agus bain taitneamh agus pléisiúr as an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach.

Read 195 times
Rate this item
(0 votes)