Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Foilsithe ag The Carlow Nationalist, 23/02/2016

Tá feachtas nua fógartha ag Glór Cheatharlach chun an pobal a spreagadh le níos mó Gaeilge a úsáid sa ghnáthshaol agus i suíomhanna éagsúla i rith Sheachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl i mbliana ó 1ú go 17ú Márta.

Mar thús bheifear ag dúriú ar an nath 'go raibh maith agat' agus na háiteanna ar féidir úsáid simplí a bhaint as an nath céanna. Moltar buíochas a ghabháil i nGaeilge le tiománaithe bus agus tacsaí, i siopaí agus gnólachtaí eile, ar an bhfón agus ar chártaí buíochais, agus moltar an giorrúchán 'grma' a scríobh ar na meáin shóisialta agus i dtéacsanna.

Bíonn an pobal ginearálta báúil don Ghaeilge ach go háirithe i rith Sheachtain na Gaeilge agus bíonn muinín fiú ag daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu an cúpla focal agus frásaí Gaeilge atá simplí agus so-aitheanta a usáid i rith na tréimhse seo.
Is féidir cur le líon na bhfrásaí de réir chaighdeán Gaeilge an duine i rith an fheachtais agus d'fhéadfadh an chlann ar fad a bheith páirteach trí bhéile amháin gach lá a chaitheamh as Gaeilge le chéile, siúlóid as Gaeilge nó comhrá as Gaeilge ar an slí go scoil gac maidin.
Bealach simplí agus spraíúil mar sin chun cur le labhairt na Gaeilge i gCeatharlach i rith Sheachtain na Gaeilge. Bain triail as! Tá clár na seachtaine ar www.glorcheatharlach.ie

 

Read 521 times
Rate this item
(0 votes)