Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá fáiltiú cathartha á óstáil ag Méara Chathair Dhoire, Elisha Mc Callion, chun Cultúrlann Uí Chanáin, Buaiteoirí Náisiúnta Ghlór na nGael 2015, a onórú.  Beidh an fáiltiú cathartha i Halla na Cathrach ar siúl Dé Máirt 24ú Bealtaine ag 19.00 le fáiltiú poiblí ag leanúint ina dhiaidh sa Chultúrlann ag 20.00.

Sháraigh Cultúrlann Uí Chanáin cuid mhór grúpaí iontacha ar fud fad na hÉireann leis an 1ú áit & Trófaí Náisiúnta Ghlór na nGael 2015 a bhaint le haghaidh dul chun cinn na Gaeilge & cultúir.

Is í seo ceann de na duaiseanna is santaithe i bpobal na Gaeilge agus bronnadh an duais ar an eagraíocht Gaeilge agus ealaíona de thoradh ar na héachtaí a bhfuil bainte amach ag an Chultúrlann as cur chun cinn na Gaeilge sa chathair le bliain anuas. 

Dúirt Carol Nic Conmara, Riarthóir Oideachais na Cultúrlainne:

“Is é an cuspóir atá againn mar eagraíocht ná forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge sa chathair agus máguaird.  Is í rún s’againn ná pobal dátheangach a chruthú ina bhfuil an Ghaeilge spreagtha, cothaithe agus altramaithe. Is onóir í príomhdhuais náisiúnta Ghlór na nGael 2015 a bhaint agus muid iontach bródúil aisti agus as an t-aitheantas a léiríonn sí ar obair crua agus toirbhirt Foireann na Cultúrlainne agus ar an fíor thionchar a bhfuil againn ar chur chun cinn na Gaeilge sa chathair ag us máguaird”.

Freastalaíonn níos mó na 450 duine ar ranganna agus imeachtaí Gaeilge sa Chultúrlann ar bhonn seachtainiúla agus is léir go ndeachaigh clár imeachta na bliana go mór i bhfeidhm ar mholtóirí Glór na nGael.  Mar chuid de na imeachtaí agus cláir éagsúla tá ciorcail comhrá, clubanna léitheoireachta, seisiúin ag an chlub óige, ranganna ceoil agus damhsa traidisiúnta chomh maith le clár for-rochtana pobail.

I mí Feabhra 2016, d’oscail an eagraíocht acadamh cheoil traidisiúnta ag áitreabh athchóirithe ag 35 Mórshráid Shéamais darbh ainm Acadamh Cheoil Chaoimhín Uí Dhochartaigh.

Eiseofar Réamheolaire na Cultúrlainne 2016/17 i mí Mheithimh 2016.

Read 250 times
Rate this item
(0 votes)