Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Ar an 17 Márta, siúlfaidh Muintir Aerach na hÉireann (Lavender & Green Alliance) ar Ascaill a Chúig ar son phobal LADT na hÉireann faoin mana “Céiliúradh ar Chultúr agus Féiniúlacht nanÉireannach Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach”. Is iad na chéad ionadaithe Éireannacha a shiúlfaidh go hoifigiúil sa pharáid ar son mhuintir LADT na tíre, rud a léiríonn an deireadh dóchasach ar chomhlint na mblianta le bheith curtha san áireamh i measc chéiliúradh mór seo na nGael. Aithníonn Muintir Aerach na hÉireann gur maith dóibh a bheith buíoch don ghníomhaíochas gan scíth a rinne na céadta daoine leispiacha agus aeracha le linn na coimhlinte, ach go hairithe, An Eagraíocht um Daoine Aeracha agus Leispiacha na hÉireann (ILGO), St. Pat’s for All, agus Irish Queers, chomh maith leis na comhghuaillithe eile a sheas i gcoinne an leithcheala. Is a bhuíochar an ngníomhaíochas leanúnach seo gur éirigh leo an lá stairiúil seo a bhaint amach.

 

Caithfear buíochas a ghabháil chomh maith le Méara Bill De Blasio agus le go leor oifigeach tofa eile a sheas in éineacht leo thar na mblianta. Feictear dóibh an ról tábhachtach a ghlac Méara David Dinkins sa scéal, chomh maith le Rannán 7 d’Ord Ársa na nIbeirneach, nuair a thug siad cuireadh máirseála d’Éireannaigh leispiacha agus aeracha sa pharáid in 1991, ina dhiaidh d’iarratas an ILGO a bheith diúltaithe. Is buíoch siad as ucht an fháilte mhór a chur an Dr. John Lahey agus Bord na Paráide romhainn i mbliana, chomh maith leis na baill ar fad d’eagrachtaíochta cleamhnaithe na Paráide a bhí i dteagmháil leo ar son an cuimsitheachta.

 

Bhí ról tábhachtach araon ag an Ard-Abhcóide Barbara Jones agus í ag cothú athmhuintearais i measc phobal Éireannach na cathrach.Tá Muintir Aerach na hÉireann ag súil go mór go seasfaidh á gcuid comhghuaillithe uile leo ar 17 Márta.

 

Agus muid ag cuimhniú ar Chéiliúradh Éirí Amach na Cásca i mbliana, ócáid olltábhachtach i stair na hÉireann, siúlann muid in ómós fhir agus mhná 1916 agus in ómós ídeil Fhóróga an Poblachta. Téann an Foróga seo i mbannaí air go mbeidh cearta daoine ag gach uile saoránach Éireannach cibé difríocht atá eatarthu agus gealltanas ann go mbeadh Éire “chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin.”

 

Agus aitheantas an comhionnanais anois faighte ag pobal LADT na hÉireann, glacann muid go léir céim eile i dtreo an ídéal náisiúnta sin a bhaint amach.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Read 654 times
Rate this item
(0 votes)