Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an maoiniú breise d’Fhoras na Gaeilge, a d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Seán Kyne, ar maidin.

Ag tagairt don mhaoiniú breise dúirt Uachtarán an Chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill:
“Tá tábhacht leis an gcinneadh seo mar léiríonn sé go bhfuil deireadh tagtha anois leis an slad seasta a bhí á dhéanamh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus go bhfuil tús á chur le próiseas chun na ciorruithe móra déanta le tamall de bhlianta a aisiompú agus an maoiniú riachtanach a chur ar fáil do phobal na Gaeilge chun an teanga a neartú sa phobal.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn:
“Tá sé riachtanach anois go gcaithfear an maoiniú breise ar ghnéithe den phlean infheistíochta, atá aontaithe ag breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre, chomh maith le cuid de na ciorruithe a rinneadh le déanaí a aisiompú. Léiríonn an obair déanta ag na ngrúpaí seo an tairbhe is féidir a bhaint as infheistíocht bhreise sa Ghaeilge, infheistíocht a rachaidh chun croí an phobail. Is mar thoradh ar obair na ngrúpaí seo freisin, ach go háirithe an feachtas stocaireachta a throid siad le breis agus bliain anuas, go bhfuil an maoiniú breise seo curtha ar fáil. Caithfidh na grúpaí seo toradh na hoibre sin a fheiceáil anois ina bpobail féin.”

Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag plé leis an Aire Stáit, leis an Taoiseach agus leis an Rialtas trí chéile lena cinntiú go gcuirfear leis an maoiniú Fhoras na Gaeilge, mar aon le maoiniú d’Údarás na Gaeltachta, sna blianta beaga os ár gcomhair lena cinntiú gur féidir an plean infheistíochta sa Ghaeilge atá aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre a chur i bhfeidhm sna blianta beaga romhainn. Chruthódh maoiniú agus cur i bhfeidhm an phlean chéanna breis is 1,000 post agus chuirfeadh sé an-chuid deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal.

Beidh Conradh na Gaeilge ag labhairt le Foras na Gaeilge chun an leas is fearr a bhaint as an maoiniú breise seo agus le cinntiú go gcaithfear é ar an bplean infheistíochta agus aisiompú ciorruithe.

 

 

Read 673 times
Rate this item
(0 votes)