Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

le Roibeard Mac Maoláin, The Irish Independent, 06/04/2016

Tá Comórtas Deartha Póstaeir don dráma Ardteistiméireachta An Triail á reáchtáil ag an chomhlacht drámaíochta Fíbín.

Téann Fíbín timpeall na tíre gach bliain leis an dráma An Triail. Táthar ag lorg póstaer poiblíochta nua don chamchuirt a dhéanfaidh siad i mbliana. Iarrtar ar scoláirí na tíre é a dhearadh dóibh

Má éiríonn le do phóstaer sa chomórtas beidh sé le fecéail ar bhallaí amharclann ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar shuíomh idirlín Fíbín agus sna meáin shóisialta.

Tá roinnt duaiseanna eile le baint freisin, dar luach €800. Tá táibléad Android, póstaer sínithe le fráma do do scoil agus 30 ticéad go dtí an dráma An Triail do do rang i measc na nduaiseanna sin.

Cuirfidh lucht Fíbín seisiún príobháideach ceisteanna agus freagraí leis na haisteoirí ar siúl duitse agus do do rang tar éis an tseó freisin.

Caithfear an póstaer a dhearadh ar bhileog A3. Is féidir úsáid a bhaint as péinteáil, as líníocht, as grianghraf nó as do rogha íomhá.

Tá cead focail agus íomhánna a úsáid nó díreach íomhánna amháin ach caithfidh na híomhánna ar fad bheith bainteach leis an dráma.

Is féidir a bheith ag obair leat féin nó mar chuid d'fhoireann. Is é an 20 Bealtaine spriocdháta an chomórtais. Iarrtar ar dhaoine an póstaer a scanadh isteach sa ríomhaire agus a chur go margaiochtfibin@gmail.com roimh an spriocdháta sin.

Tá tuilleadh eolais faoin chomórtas ar fáil ar an suíomh www.fibin.com faoin lipéad "Nuacht"

Read 382 times
Rate this item
(0 votes)