Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá an comhlacht drámaíochta Fíbín in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe ag léiriú dráma nua, Pléasc. Tá an dráma bunaithe ar thragóid a tharla nuair a phléasc mianach 100 bliain ó shin ar thrá sa Lochán Beag i gCois Fharraige, Indreabhán. Maraíodh naonúr. Oíche amháin a bheidh an dráma á léiriú ar an Trá Mhór, Indreabhán ar 16ú Meitheamh ag 8i.n.

Beidh Pléasc mar chuid de na himeachtaí le linn deireadh seachtaine Cuimneachán an ‘Mine’ 1917-2017 atá á eagrú faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige ó 15-18 Meitheamh. Togra pobail de chuid mhuintir Chois Fharraige é seo agus beidh an pobal féin páirteach i mbeagnach gach gné den dráma.

Tá páirteanna ag baill d’Aisteoirí an Spidéil, Aisteoirí Chois Fharraige, agus Cumann Drámaíochta an Chara Bhig sa léiriú agus tá scoláirí as Coláiste Cholmcille, Indreabhán agus Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal páirteach sa dráma freisin. Déanfaidh Cór Chois Fharraige an tionlacan ceoil agus déanfaidh siad aithris ar roinnt véarsaí as dán nuachumtha le Brian Ó Baoill ‘An Mianach’ chomh maith.

Léiriú amuigh faoin aer ar an Trá Mhór in Indreabhán, gar don áit ar tharla an tubaiste féin a bheidh ann ar an Aoine 16ú Meitheamh ag 8i.n. Athinsint ar leith a bheidh sa dráma ar scéal a bhí go mór sa nuacht idirnáisiúnta ag an am. Scríobh Eoin Mac Diarmada an script agus tá an dráma faoi stiúir Brendan Murray.

Tá baint dhíreach ag Eoin leis an scéal féin mar gur bhásaigh a shin-sheanathair Éamonn Mac Diarmada nuair a phléasc an mianach seo.

Beidh an dráma féin saor in aisce ach ní mór ticéid a chur in áirithe trí ghlaoch ar oifig Fíbín ar 091 505855 nó trí ríomhphost a sheoladh ag pleasc2017@gmail.com. Beidh córas Páirceála agus Taistil i bhfeidhm go háitiúil chun an lucht féachana a iompar chuig an trá mar ní bheidh cead páirceála ar an trá .

Tá neart imeachtaí eile ar an gclár comórtha, lena n-áirítear Aifreann cuimhneacháin agus nochtadh leac chuimhneacháin, seoladh leabhair agus ceolchoirm, chun roinnt a lua. Tá gach eolas faoi na himeachtaí le fáil ar www.coisfharraige.ie agus tuilleadh eolais faoi Pléasc ar www.fibin.com

Tá an dráma seo á léiriú le tacaíocht ó Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon, á bainistiú ag Create. Fuair an tionscnamh tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, agus Chomhairle Chontae na Gaillimhe chomh maith.

Read 383 times
Rate this item
(0 votes)