Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

 

Is cúis díomá do Ghlór na nGael an figiúir de 1.7% den phobal thar 3 bliana d’aois agus lasmuigh den chóras oideachas a labhrann an Ghaeilge go leathúil. Ach, mas cúis díomá í is glaoch chun airme í freisin.

Mar eagraíocht náisúnta Ghaeilge a bhfuil cúram uirthi forbairt a dhéanamh ar líon na dteaghlach atá ag úsáid na Gaeilge lena bpáistí, tá sé rí-shoiléir di gurb é an teaghlach bunchloch todhchaí na teanga. Cé go n-aithnítear go forleathan gurb é an teaghlach cloch cúinne na pleanála teanga, is ar éigin go bhfuil infheistíocht ar bith déanta nó á dhéanamh i réimse oibre an teaghlaigh, dár le Glór na nGael.

Agus é ag caint ar an obair seo inniu, thug Ceannasaí Ghlór na nGael le fios;

“aon uair go mbíonn plé ar bun faoin teaghlach i gcomhthéasc na Gaeilge de déantar plé ar an óige, ar chúrsaí réamhscoile, ar churaclam oideachais, ar gach sórt rud, seachas, an teaghlach féin.” Dár leis; “Tá na céadta teaghlaigh, muna bhfuil na mílte, a bheadh sásta a dteanga tí athrú ó Bhéarla go Gaeilge ach an tacaíocht áitúil a bheith ann dóibh. Cé gur cinneadh sách éasca é an Ghaeilge a roghnú mar theagna tí, tá sé dúshlánach é a cur i gcrích i sochaí ina bhfuil an Béarla i réim.”

Tá sé molta ag Glór na nGael go mbunófaí Scéim Cuairteóirí Baile a bheadh ar fáil do thuismitheoirí atá tar éis cinneadh a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Bheadh na Cuairteoirí Baile ar fáil le cuairteanna rialta a thabhairt ar thithe na dteaghlach, ar bhonn cuireadh, agus bheadh siad ar fáil freisin le gréasán teaghlaigh a bhunú mar thacaíocht bhreise. Tá scéim dá leitheid de dhíth i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile, fud fad na tíre.

Tá sé ráite ag Cathaoirleach Ghlór na nGael, go bhfuil sé in am an tacaíocht chuí Stáit atá de dhíth chun spriocanna Straitéis 20 Bliain don Gaeilge a bhaint amach, a chur ar fáil. I dtuairim an Uas Carey, “Cé go bhfuil obair mhór ar bun leis an Straitéis a fheidhmiú, ní leor é, ná a leath. Mas é an teaghlach núisléáis an phobail, déanann sé ciall go gcuirfí tacaíocht agus mealladh ar fáil do theaghlaigh a gcleachtas teanga a athrú ó Bhéarla go Gaeilge.”

 

 

Read 98 times
Rate this item
(0 votes)