Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Beidh comórtais fidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa  idir na tíortha Ceilteacha ar siúl le linn na Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheidh ar siúl i mbaile Cheatharlach ón 18-22 Aibreán 2017.

Tá Coiste Pan Cheilteach na hÉireann fós sa tóir ar dhaoine chun an fód a sheasamh d’Éirinn sna comórtais seo. “Bíonn iomaíocht ghéar ag na comórtais gach bliain idir na tíortha ar fad agus tá Coiste na hÉireann ag iarraidh cur le líon na n-iontrálacha as Éirinn i mbliana chun ár tallann a chur chun cinn i measc ár gcairde Ceilteacha”, a dúirt Bríde de Róiste, Cathaoirleach Choiste na Féile.  

Tá an fhéile ag súil le 20,000 cuairteoir i mbliana. Déanfar ceiliúradh lena linn ar chultúr Ceilteach na hÉireann, na Breataine Bige, na hAlban, na Briotáine, Corn na Breataine agus Oileáin Mhanann.

Ar chlár na féile beidh imeachtaí do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, damhsóirí, cóir, filí agus scéalaithe. Beidh léachtaí, coirmeacha ceoil agus ár ndóigh, na comórtais éagsúla. Tá gach eolas faoi na himeachtaí ar fad le fáil ar shuíomh Pan Cheilteach http://www.panceltic.ie/.

Is é an spriocdháta le cur isteach ar na comórtais ná, 7 Aibreán 2017. Is féidir foirm iontrála a fháil ar líne ag http://www.panceltic.ie/ agus é a sheoladh chuig pancelticcompetitions@gmail.com nó é a sheoladh chuig: Comórtais Pan Cheilteach, Oireachtas na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

 

 

 

Read 102 times
Rate this item
(0 votes)