Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá an fhéile chultúrtha, Oireachtas Chois Fharraige 2016, le tosú anocht i nGaeltacht Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe!

Thart ar Indreabhán agus An Spidéal a bheas formhór na n-imeachtaí ar bun. Ar an gclár tá meascán de cheol, amhránaíocht, damhsa ar an sean-nós, agus drámaíocht. 

Cuirfear tús leis an bhféile anocht ag a 7 a chlog le taispeántas ealaíne atá á oscailt ag Pádraig Breathnach in Oifig Oireachtas na Gaeilge, Casla.

Chomh maith leis sin, ar an Aoine beidh grúpa ceoltóirí óga ag dul thart ó áit go háit ag cur flais-seisiúin ar bun. Leanfaidh an fhéile ar aghaidh go ceann deich lá, ag críochnú ar an Domhnach, 25 Meán Fómhair, leis an dráma cáiliúil Boicíní Bhóthar Kilburn, curtha ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéil.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach, 17/18 Meán Fómhair, beidh seó ilmheánach, ‘Eirí Amach Chois Fharraige’ á chur ar stáitse i Seanscoil Sailearna. Tá an seó scríofa ag an údar agus aisteoir Joe Steve Ó Neachtain (ar dheis), le comóradh a dhéanamh ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige leathchéad bliain ó shin agus ar Éirí Amach na Cásca céad bliain ó shin.

Tá an oscailt urraithe ag Ealaín na Gaeltachta mar chuid den Oíche Chultúir. Beidh imeachtaí ar siúl chuile lá agus tá fáilte roimh chách!

Is féidir an clár iomlán a aimsiú ar an suíomh idirlín www.coisfharraige.ie nó trí scéal a chur ag comoradh40@gmail.com nó téacs ag 083 8649519. 

Read 1101 times
Rate this item
(0 votes)