Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Tá club óige nua á reachtáil ag an t-eagras Feachtas in Ionad Ealíne Axis, Baile Munna, agus tá deiseanna ann do dhaoine óga agus do dhaoine fásta cuidiú leis an gclub a bhunú. Is deis iontach í seo scileanna nua a fhoghlaim agus oiliúint agus traenáil saor in aisce a fháil - trí mheáin na Gaeilge.

Is eagraíocht óige dheonach í Feachtas. Tá siad mar bhalleagras de chuid Chomhairle Náisiúnta na nÓg agus eagraíonn siad clubanna óige do idir 11 - 15 bliain. Cuireann na clubanna óige seo spás sábháilte sóisialta ar fáil do dhaoine óga inar féidir leo a scíth a ligean, spóirt a imirt, tabhairt faoi thionscadail, dul ar thurais agus a bheith gníomhach i go leor imeachtaí eile

Tá tuilleadh eolais agus foirm chláraithe srl. ar fáil anseo

 

Read 642 times
Rate this item
(0 votes)