Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Foilsithe ag An Phoblacht, 01/07/2016

Bhí cúrsaí Gaeilge agus Gaelú Shinn Féin á bplé sna Solláin i gContae Chill Dara ar na mallaibh roimh an chomóradh i mBaile Uí Bhuadáin. Chuir Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams TD, fáilte roimh roinnt mhaith Gaeilgeoirí as ceantair éagsúla ar fud na tíre. Ag caint le An Phoblacht i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Oifigeach Náisiúnta Gaeilge, Johnny McGibbon:


"Is maith an rud go raibh deis againn bualadh lena chéile chun cúrsaí Gaeilge a phlé. Gabhaim mo bhuíochas le hachan duine a d'obair go díograiseach ar an dá cháipéis ar glacadh leo ag an Ard Fheis i mbliana - 'Plécháipéis Gaeilge Shinn Fein' agus 'Gaelú Shinn Féin'."


"Tá dúshlán nach beag romhainn anois chun plean gnímh a chur i bhfeidhm agus iarram ar dhuine ar bith ar fud na tíre ar mhaith leis nó léi cuidiú linn, dul i dteagmháil liom ar gaeilge@sinnfein.ie"

 

Read 239 times
Rate this item
(0 votes)