Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..

Beidh Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2016 ar siúl in Óstán an Heritage, Portlaoise, ar an gCéadaoin seo chugainn, 27 Eanáir. Glacfaidh foirne ó na ceantair Gaeltachta , An Cheathrú Rua, Daingean Uí Chúis, Baile Bhúirne agus ó Ráth Chairn, mar aon le foirne ó Bhaile Átha Cliath, páirt ann.

Eagraíonn Gael Linn an comórtas bliantúil seo, a chruthaíonn ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc, le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac os cionn 50 foireann páirt ann i mbliana, agus  tháinig an ocht bhfoireann a bheidh san iomaíocht i gCraobh na hÉireann trí réamhbhabhtaí cháilithe agus craobhacha réigiúnacha ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite. Bronnfar buanchorn agus duais de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas agus bronnfar duais de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bheidh rannpháirteach

 Is é Seosamh Mac Donnchadha, Cathaoirleach Foras na Gaeilge, a bheidh mar aoichainteoir ag an ócáid. 

Is féidir clár-ama agus sonraí eile a léamh, thíos - 

  • Sonraí

    COMÓRTAS DÍOSPÓIREACHTA UÍ CHADHAIN GAEL LINN

    CRAOBH NA hÉIREANN 2016 Dáta: Céadaoin, 27 Eanáir, 2016        AM4.00 P.M.     

    Ionad: Óstán an Heritage, Sráid Jessop, Port Laoise  (i lár an bhaile)

    Aoichathaoirleach/Aoichainteoir: Seosamh Mac Donnchadha, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge

     

    4.00 p.m. SÓISEAR

    Rún: Is fiú an t-airgead a chaitear ar TG4!       

    Foireann A: Coláiste Ghobnatan, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí (i bhfabhar)

    Foireann B: Coláiste Pobail Ráth Chairn, Ráth Chairn, Co. na Mí (i gcoinne)

    Foireann C: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath (i bhfabhar)

    Foireann D: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe (i gcoinne)

    5.15 p.m. Breith na Moltóirí agus Bronnadh na nDuaiseanna

     

    5.30 p.m. SINSEAR

    Rún: Tá dea-thionchar ag ár gcuid staire orainn in Éirinn!

    Foireann A: Coláiste Pobail Ráth Chairn, Ráth Chairn, Co. na Mí (i bhfabhar)

    Foireann B: Coláiste Íde, An Daingean, Trá Lí, Co. Chiarraí (i gcoinne)

    Foireann C: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe (i bhfabhar)

    Foireann D: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath (i gcoinne)

    6.45 p.m. Caint ón Aoichainteoir Seosamh Mac Donnchadh, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge

    7.00 p.m.  Breith na Moltóirí agus Bronnadh na nDuaiseanna

Read 462 times
Rate this item
(0 votes)